Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesverwaltungsgericht Niederösterreich (an Ostair) a taisceadh an 3 Márta 2022 – RE v Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld

(Cás C-155/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Niederösterreich

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: RE

Údarás is Freagróir: Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld

Páirtí eile sna himeachtaí: Arbeitsinspektorat NÖ Wald- und Mostviertel

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear dlí AE a léirmhíniú amhail go bhfuil sé i gcomhréir le foráil náisiúnta lena gceadaítear do dhaoine atá faoi dhliteanas coiriúil i leith gnóthais iompair a ndliteanas i leith sáruithe an-tromchúiseach ar fhorálacha an Chomhphobail maidir leis an méid ama tiomána agus na tréimhsí sosa atá ag tiománaithe a aistriú go duine nádúrtha trí bhíthin comhaontaithe atá inghlactha go frithpháirteach mura ndéantar, mar gheall ar an aistriú sin, an measúnú ar dhea-cháil de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009,1 measúnú nach bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta ach amháin i gcás ina ngearrtar pionós ar na daoine a bhfuil an dliteanas coiriúil á aistriú acu?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO 2009 L 300, lch. 51).