Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2024 – Allsize v EUIPO – SJoklaedagerdin (North 56-4)
(Cás T-209/24)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Allsize Company A/S (Aarhus, an Danmhairg) (ionadaí: M. Hansen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SJoklaedagerdin hf. (Garðabaer, an Íoslann)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh North 56-4 – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 449 355
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Feabhra 2024 i gCás R 1991/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
diúltú don iarraidh ar dhearbhú neamhbhailíochta i gcoinne EUTM atá faoi chonspóid.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________