Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Aibreán 2024 – DP agus DQ v ÚEÁPC

(Cás T-183/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: DP agus DQ (ionadaí: N. Flandin, Dlíodóir)

Cosantóir: an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas seo inghlactha;

a dhearbhú go bhfuil bunús leis an iarratas seo sa mhéid is:

go ndearna an cosantóir sáruithe atá tromchúiseach go leor ar rialacha dlí lena dtugtar cearta do dhaoine aonair, agus go háirithe ar Airteagal 339 CFAE agus ar phrionsabal an dea-riaracháin mar a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

go ndearnadh damáiste neamhábhartha do na hiarratasóirí;

go bhfuil an damáiste neamhábhartha a bhain do na hiarratasóirí mar thoradh díreach ar na neamhdhleathachtaí thuasluaite;

dá bhrí sin:

a ordú go ndéanfar an damáiste a bhain do na hiarratasóirí a chúiteamh;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 340 CFAE sa chás seo chun dliteanas an chosantóra a ghlacadh.

Maidir leis an gcéad choinníoll – iompar neamhdhleathach an chosantóra trí shonraí rúnda na n-iarratasóirí a shárú: sárú ar Airteagal 339 CFAE agus sárú ar Airteagal 41 den Chairt; easpa cúiseanna a lua, easpa neamhchlaontachta an imscrúdaitheora sheachtraigh, easpa saineolais an imscrúdaitheora sheachtraigh.

Maidir leis an dara coinníoll – an damáiste: go ndearnadh damáiste neamhábhartha do na hiarratasóirí.

Maidir leis an tríú coinníoll - an nasc cúisíoch: go n-eascraíonn an damáiste neamhábhartha go díreach as próiseáil neamhdhleathach shonraí na n-iarratasóirí ag an gcosantóir.

____________