Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh AR
(Cás C-179/22)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel București
Páirtí sna príomhimeachtaí
AR
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gá forálacha Airteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB 1 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil an t-údarás breithiúnach a fhorghníomhaíonn an barántas gabhála Eorpach, má tá sé ar intinn aige Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB 2 a chur i chun aitheantas a thabhairt don bhreithiúnas lena ngearrtar pianbhreith, faoi cheangal a iarraidh go ndéanfar an breithiúnas agus an deimhniú arna eisiúint de bhun Chinneadh Réime 2008/909/CGB [a chur ar aghaidh] agus toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil de bhun Airteagal 4(2) den Chinneadh Réime 2008/909/CGB?
An gá forálacha Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 25 agus 4(2) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB, a léirmhíniú sa chiall go bhféadfaidh an Stáit a thug an phianbhreith mar thoradh ar dhiúltiú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint, gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh, gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le haitheantas, an ceart chun an phianbhreith a fhorghníomhú a fhorghéilleadh faoi Airteagal 22(1) de Chinneadh Réime 2008/909?
An gá forálacha Airteagal 8(1)(c) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall nach mbeidh breithiúnas lena bhforchuirtear pianbhreith choimeádta ar eisíodh barántas gabhála Eorpach ar a bhonn, ar diúltaíodh dá fhorghníomhú faoi Airteagal 4(6) [den Chreat-Chinneadh sin] mar aon le haitheantas don bhreithiúnas lena ngearrtar pianbhreith ach gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, agus gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta aitheantais, in-fhorghníomhaithe a thuilleadh?
An gá forálacha Airteagal 4(5) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall gurb ionann breithiúnas lena ndiúltaítear barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint de bhun Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, ach gan é a fhorghníomhú go héifeachtach trí phríosúnacht an duine faoi phianbhreith tar éis pardún a fháil agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh (Ballstát de chuid an Aontais) agus gan toiliú an Stáit a chuireann an phianbhreith a fháil i gcomhthéacs an nós imeachta aitheantais, agus breithiúnas ‘ó thríú Stát i leith na ngníomhartha céanna’?
Má tá freagra dearfach ar an gceathrú ceist:
An gá forálacha Airteagal 4(5) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a léirmhíniú sa chiall gurb ionann breithiúnas lena ndiúltaítear barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a eisíodh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú agus chun breithiúnas lena ngearrtar pianbhreith a aithint de bhun Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, agus an phianbhreith a chur ar fionraí, i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, agus pianbhreith atá ‘á cur isteach faoi láthair’ i gcás nach bhfuil maoirseacht ar an duine ar cuireadh pianbhreith air tosaithe fós?
____________
1 Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach. (IO 2008, L 327, lch. 27).
1 Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch.1).