Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 9 Samhain 2023 – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v X

(Cás C-662/23, Izmir 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Cosantóir: X

Na ceisteanna a tharchuirtear

a) I gcás go gcuirtear isteach líon mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go comhthráthach de réir bhrí Airteagal 31(3), an tríú fomhír, (b) den Treoir maidir le nósanna imeachta 1 , an féidir leis an údarás atá freagrach as an gcinneadh a chumhacht a fheidhmiú chun an tréimhse chinnidh sé mhí a fhadú má thagann an méadú ar líon na n-iarratas sin de réir a chéile thar tréimhse áirithe agus go bhfuil sé deacair, dá bhrí sin, an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de shé mhí? Conas ba cheart an téarma ‘go comhthráthach’ a léiriú i ndáil leis sin?

b) Cad iad na critéir atá le húsáid chun a mheas an bhfuil ‘líon mór’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann, mar a luaitear in Airteagal 31(3), an tríú fomhír, (b) den Treoir maidir le nósanna imeachta?

An bhfuil teorainn ama ar an tréimhse faoina dtiocfaidh méadú ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chun go dtiocfaidh an tréimhse sin fós faoi raon feidhme Airteagal 31(3), an tríú fomhír, (b) den Treoir maidir le nósanna imeachta? Má tá, cá fhad is féidir a bheith sa tréimhse sin?

Chun a chinneadh an bhfuil sé an-deacair, i bprionsabal, an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de theorainn ama sé mhí, de réir bhrí Airteagal 31(3), an tríú fomhír, (b) den Treoir maidir le nósanna imeachta, an féidir a chur san áireamh – i bhfianaise Airteagal 4(1) den Treoir sin freisin – imthosca seachas méadú ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, amhail go bhfuil an t-údarás atá freagrach as an gcinneadh ag dul i ngleic le riaráistí a bhí ann roimh an méadú ar líon na n-iarratas nó le heaspa acmhainní daonna?

____________

1     Tugtar ainm bréige sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).