Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa - CAAD) (an Phortaingéil) a taisceadh an 15 Samhain 2023 – Corner and Border SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-685/23, Corner and Border)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Corner and Border SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 5(2)(b) de Threoir 2008/7/CE 1 ón gComhairle an 12 Feabhra 2008, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar dhleacht stampála a ghearradh ar ghealltanais arb é atá i gceist leo ná gealltáin scaireanna, iarmhéideanna cuntas bainc, iasachtaí scairshealbhóirí agus diúscairt creidmheasanna mar chomhthaobhacht, a thugtar i dtaca le hidirbheart eisiúna bintiúr?

An dtabharfaí freagra éagsúil ar an gcéad cheist le haghaidh réamhrialú má tá tabhairt na ngealltanas ina hoibleagáid dlí nó má tá sí ina rogha agus gur socraíodh go toilteanach í?

An dtabharfaí freagra éagsúil ar an gcéad cheist le haghaidh réamhrialú i gcás inar tugadh na gealltanais mar chuid d’idirbheart eisiúna bintiúr faoi réir suibscríbhinn phríobháideach ag banc, a bhfuil a sheasamh mar shuibscríobhaí in iúl ar bheith aistrithe de réir thoil an eintitis eisiúna, bíodh is gur faoi réir coinníollacha agus faoi réir pionós/coimisiún a dhéanfaí amhlaidh?

Maidir le hAirteagal 6(1)(d) de Threoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go dtagann an méid seo a leanas faoi: gealltanais arb é atá i gceist leo ná gealltáin scaireanna, iarmhéideanna cuntas bainc, iasachtaí scairshealbhóirí agus diúscairt creidmheasanna mar chomhthaobhacht, a thugtar i dtaca le hidirbheart eisiúna bintiúr a thagann faoi raon feidhme Airteagal 5(2)(b) den Treoir sin?

____________

1 Treoir 2008/7/CE ón gComhairle na 12 Feabhra 2008 maidir le cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil (IO 2008 L 46, lch. 11).