Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 1 Feabhra 2024 - NM, OU v TE

(Cás C-77/24, Wunner 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí ar phointe dlí: NM, OU

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: TE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An bhfuil Airteagal 1(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 1 le léiriú sa chaoi go mbaineann sé freisin le héilimh ar dhamáistí i gcoinne comhlacht cuideachta a bhfuil creidiúnaí cuideachta ag brath ar dhamáistí tortacha mar gheall ar shárú ar dhlíthe cosanta (amhail forálacha an dlí cearrbhachais) ag an gcomhlacht?

2.    Sa chás go dtugtar freagra diúltach ar cheist 1:

An bhfuil Airteagal 4(1) den Rialachán thuasluaite le léiriú sa chaoi, i gcaingean thortach le haghaidh damáistí i gcoinne comhlacht de chuid cuideachta a thairgeann cearrbhachas ar líne gan cheadúnas san Ostair mar gheall ar chaillteanais chearrbhachais a fulaingíodh, go gcinntear gurb í an áit ar tharla an damáiste bunaithe ar

a)    an áit óna ndéanann an t-imreoir aistrithe óna chuntas bainc go dtí cuntas an imreora atá á bhainistiú ag an gcuideachta,

b)    an áit ina gcoimeádann an chuideachta an cuntas imreora ina n-iontráiltear taiscí ón imreoir, nithe buaite, caillteanais agus bónais,

c)    an áit óna gcuireann an t-imreoir geallta tríd an gcuntas imreora sin as a dtagann caillteanas ar deireadh,

d)    áit chónaithe an imreora mar shuíomh a iarratais ar íocaíocht a iarmhéid ar an gcuntas imreora,

e)    suíomh phríomhshócmhainní an imreora?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO 2007 L 199, lch. 40).