Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Budapest Környéki Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 16 Deireadh Fómhair 2023 — YG agus NI v AXA Bank Europe SA agus páirtithe eile

(Cás C-628/23)

Teanga an cháis: Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Budapest Környéki Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: YG, NI

Cosantóirí: AXA Bank Europe SA, OTP Bank Nyrt., OTP Faktoring Követeléskezelő Zrt.

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil léiriú ar théarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra i gcomhoiriúint leis an gcoincheap ‘díoltóir nó soláthróir’ de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 93/13/CEE 1 ón gComhairle más rud é gur léiriú é ar dá réir

a)    nach dtagraítear ach do pháirtí conarthach bunaidh a thug isteach an téarma conarthach éagórach leis an gcoincheap sin; nó

b)    a chaithfear díoltóir nó soláthróir nua a seachaíodh sa chonradh trí aistriú an chonartha (trí nuachan suibiachtúil) a áireamh mar chuid den choincheap sin agus, cé nárbh é a thug isteach an téarma éagórach, go mbaineann sé tairbhe as éifeachtaí airgeadais agus eacnamaíocha an chonartha tar éis a sheachaíochta ann; nó

c)    mar thoradh ar nuachan suibiachtúil, nach féidir ach an díoltóir reatha nó an soláthróir reatha a áireamh mar chuid den choincheap sin, beag beann ar cén páirtí conarthach bunaidh a raibh stádas an díoltóra nó tsoláthróra aige?

____________

1 IO 1993 L 95, lch. 29.