Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – TAP Portugal v Myflyright GmbH

(Cás C-158/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Stuttgart

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: TAP Portugal

Freagróir: Myflyright GmbH

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 a léirmhíniú amhail gurb ann d’imthoisc urghnách de réir bhrí na forála sin i gcás ina gcuirtear eitilt atá ag imeacht ó aerfort lasmuigh de cheanncheathrú an aeriompróra oibríochta ar ceal toisc go bhfuair, tamall beag roimh an eitilt, comhalta den fhoireann don eitilt sin (an comhphíolóta sa chás seo), ar éirigh go hiomlán leis sna scrúduithe leighis a ordaítear go rialta, bás tobann nach bhféadfadh an t-aeriompróir a thuar nó go bhfuair sé chomh breoite sin nach raibh sé in ann tabhairt faoin eitilt?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás go gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).