Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 - DC v HJ

(Cás C-97/22)

Teanga an chais: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Essen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DC

Cosantóir: HJ

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 14(5) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 a léirmhíniú sa chaoi is go n-eisiatar, i gcás nach dtarraingíonn an custaiméir a dhearbhú intinne siar maidir le conradh tógála a chur i gcrích lasmuigh d’áitreabh gnó ach go dtí tar éis don chonraitheoir a sheirbhísí a chur ar fáil (ina n-iomláine), aon éileamh de chuid an chonraitheora ar chúiteamh nó maidir le cailleadh luacha nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le hiarratas ar chúiteamh le haghaidh cailleadh luacha faoi na forálacha i ndáil leis na hiarmhairtí dlí a bhaineann le tarraingt siar, cé go bhfuil gnóthachan caipitiúil faighte ag an gcustaiméir mar thoradh ar sheirbhísí tógála an chonraitheora, eadhon, go ndearnadh é a shaibhriú?

____________

1 IO 2011 L 304, lch. 64.