Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d'appel de Paris (an Fhrainc) a taisceadh an 14 Feabhra 2022 – Eurelec Trading SCRL v Ministre de l’Économie et des Finances, Scabel SA, Groupement d’Achat des Centres Édouard Leclerc (GALEC), Association des Centres distributeurs Édouard Leclerc (ACDLEC)

(Cás C-98/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d'appel de Paris

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eurelec Trading SCRL

Cosantóirí : Ministre de l’Économie et des Finances, Scabel SA, Groupement d’Achat des Centres Édouard Leclerc (GALEC), Association des Centres distributeurs Édouard Leclerc (ACDLEC)

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear ábhair “shibhialta agus tráchtála” mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála1 a léirmhíniú sa chaoi go n-áirítear caingean den chineál seo a leanas i raon feidhme an Rialacháin – mar aon leis an mbreith bhreithiúnach a dtabharfaí ag deireadh na n-imeachtaí – (i) arna tionscnamh ag Aire Geilleagair agus Airgeadais na Fraince de bhun Airteagal L 442-6, I, 2° (aisghairthe) den Code de commerce français (Cód Tráchtála na Fraince) i gcoinne cuideachta Bheilgeach, (ii) lena lorgaítear dearbhú go bhfuil cleachtais shriantacha ann, ordú go gcuirfear deireadh leo agus ordú go n-íocfadh an té a líomhnaítear a rinne na cleachtais sin fíneáil shibhialta, (iii) ar bhonn na fianaise a fuarthas le linn dó a chumhachtaí sonracha imscrúdaitheacha a fheidhmiú?

____________

1 IO 2012, L 351, lch. 1.