Iarraidh ar réamhrialú ón Hof van Cassatie (an Bheilg) arna taisceadh an 8 Feabhra 2024 – OV v WEAREONE.WORLD BV
(Cás C-106/24, WEAREONE.WORLD BV)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hof van Cassatie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OV
Cosantóir: WEAREONE.WORLD BV
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 1(1) de Choinbhinsiún na Róimhe 1 agus Airteagal 1(1) de Rialachán an Róimh I 2 le léiriú sa chaoi go bhfuil an cheist a bhaineann le húinéireacht cóipchirt i saothar arna chruthú de bhun oibleagáid faoi chonradh fostaíochta nó coimisiúin, is é sin, an cheist cérbh é an t-úinéir bunaidh agus cé acu agus a mhéid atá an ceart inaistrithe chuig úinéir ina dhiaidh sin, clúdaithe faoin gcoincheap ‘oibleagáidí conarthacha’?
____________
1 An Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a osclaíodh arna shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980 agus arna fhormheas [don Bheilg] le Dlí an 14 Iúil 1987.
1 Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (IO L 177, lch. 6).