Language of document :

Achomharc arna thabhairt ag an gCoimisiún Eorpach an 24 Samhain 2022 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) an 14 Meán Fómhair 2022 i gCás T-775/20, PB v an Coimisiún

(Cás C-721/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, B. Araujo Arce, J. Estrada de Solà, Gníomhairí).

Páirtithe eile sna himeachtaí: PB, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an chéad mhír agus an tríú mír de chuid oibríochtúil bhreithiúnais Chúirt Ginearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCás T-775/20 a neamhniú;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun cinneadh a fháil maidir le substaint na caingne le haghaidh neamhniú; agus

a ordú do PB na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an achomharc, braitheann an Coimisiún ar fhoras neamhnithe lena líomhnaítear earráid dlí.

Cuireann an Coimisiún i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta a bhreithníonn, i mír 65 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar bhonn réasúnaíochta mhíreanna 51 go 64 den bhreithiúnas sin, nach féidir le Rialachán CLA 1 “dá bhrí sin, a bheith ina bhunús dlí ábhartha ann féin chun críocha bearta riaracháin a ghlacadh ag iarraidh méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú”. [aistriúchán neamhoifigiúil]

Déanann an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc go bhforáiltear le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 7 de Rialachán CLA bonn uathrialach agus beacht go leor chun bearta riaracháin aisghabhála a ghlacadh, ar bearta iad nach pionóis iad.

I mír 69 dá breithiúnas, tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid ar deireadh nach gceadaítear le cur i bhfeidhm comhpháirteach Airteagal 103 den Rialachán Airgeadais 2002 agus Airteagal 4 agus Airteagal 7 den Rialachán CLA beart a ghlacadh i gcoinne an iarratasóra ag an gcéad chéim, ós rud é nárbh é tairbhí díreach na n-íocaíochtaí é.

Dar leis an gCoimisiún, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gurb ionann Airteagal 7 de Rialachán CLA, a chuireadh i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin agus le hAirteagal 103 de Rialachán Airgeadais 2002, agus foráil atá soiléir agus beacht a dhóthain chun aisghabháil ón iarratasóir ag an gcéad chéim a cheadú, fiú murar tairbhí díreach na n-íocaíochtaí atá i gceist é.

____________

1 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1).