Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État - an Fhrainc) – Schneider Electric SE agus páirtithe eile v Premier ministre, Ministre de l’Economie, des Finances et de la Relance
(Cás C-556/20)1
(Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 90/435/CE – Córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil – Airteagail 4 agus 7(2) – Cánachas eacnamaíoch dúbailte ar dhíbhinní a chosc)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Schneider Electric SE, Axa SA, BNP Paribas SA, Engie SA, Orange SA,
L’Air Liquide, société anonyme pour l’étude et l’exploitation des procédés Georges Claude
Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Economie, des Finances et de la Relance
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 90/435/CEE ón gComhairle an 23 Iúil 1990 maidir le córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis le rialacha náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil máthairchuideachta faoi dhliteanas cáin iarchoimeádta a íoc i gcás athdháileadh brabús a d’íoc a fochuideachta dá scairsealbhóirí, ag a bhfuil bronnadh creidmheasa cánach mar thoradh air sin, nuair nár gearradh cáin chorparáide ar na brabúis sin ar an ngnáth-ráta, toisc go dtéann na suimeanna dlite de bhun na cánach iarchoimeádta sin thar an uasteorainn de 5% dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Treoir sin. Ní chumhdaítear rialacha den sórt sin le hAirteagal 7(2) den Treoir sin.
____________
1 IO C 9, 11.01.2021