Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 6 Iúil 2023 – Österreichische Datenschutzbehörde

(Cás C-416/23, Österreichische Datenschutzbehörde)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Österreichische Datenschutzbehörde

Páirtí eile: FR

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear an coincheap “iarrataí” nó “iarraidh” in Airteagal 57(4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – RGCS) 1 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear “gearáin” leis freisin faoi Airteagal 77(1) de RGCS?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

An gcaithfear Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi, ionas go mbeidh iarrataí “iomarcach”, is leor gur chuir ábhar sonraí líon áirithe iarrataí (gearáin faoi Airteagal 77(1) de RGCS) chuig údarás maoirseachta laistigh de thréimhse ama áirithe, beag beann ar na fíorais a bheith difriúil agus/nó an mbaineann na hiarrataí (gearáin) le rialaitheoirí éagsúla, nó an éilítear rún mí-úsáideach ar thaobh an ábhair sonraí de bhreis ar iarrataí (gearáin) a dhéanamh go minic?    

An gcaithfear Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi, i gcás “gur léir go follasach go bhfuil [iarraidh (gearán)] gan bhunús” nó “iomarcach”, gur féidir leis an údarás maoirseachta rogha a dhéanamh táille réasúnta a ghearradh bunaithe ar na costais riaracháin leis an bpróiseáil nó diúltú dá phróiseáil ón tús? Mura féidir, cad iad na himthosca agus na critéir nach mór don údarás maoirseachta a chur san áireamh? Go háirithe, an bhfuil oibleagáid ar an údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh mar bheart nach bhfuil chomh dian céanna, agus an amhlaidh nach bhfuil sé i dteideal diúltú d’iarrataí (gearáin) ar léir go follasach go bhfuil siad gan bhunús nó iomarcach a láimhseáil ach amháin sa chás nach mbeadh éifeacht ag táille a ghearradh chun cosc a chur ar iarrataí den sórt sin?

____________

1 IO 2016 L 119, lch. 1.