Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 3 Iúil 2023 – D. SA v P. SA

(Cás C-411/23, D.)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: D. SA

Cosantóir: P. SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ionann locht i ndearadh innill arna nochtú ag monaróir agus “imthosca urghnácha” agus an dtagann sé faoi raon feidhme “easnaimh gan choinne [ar shábháilteacht na heitilte]” de réir bhrí aithrisí 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,1 má bhí an t-aeriompróir  ar an eolas faoin locht dearaidh a d’fhéadfadh a bheith ann roinnt míonna roimh an eitilt?

Más rud é gurb ionann locht i ndearadh innill dá dtagraítear sa chéad cheist agus “imthosca urghnácha” de réir bhrí aithrisí 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, an dtagraíonn “gach beart réasúnach”, dá dtagraítear in aithris 14 agus Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, don ionchas gur cheart don aeriompróir a chur san áireamh gur dócha go nochtfar locht i ndearadh an innill aerárthaí agus go ndéanfaidh sé bearta coisctheacha chun aerárthaí ionaid a choinneáil ar fuireachas de réir bhrí Airteagal 5(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, chun é a shaoradh ón oibleagáid atá air cúiteamh a íoc dá bhforáiltear in Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7(1) den Rialachán sin?

____________

1 IO 2004 L 46, lch. 1.