Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 5 Iúil 2023 ag OHB System AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 26 Aibreán 2023 i gCás T-54/21, OHB System AG v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-415/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: OHB System AG (ionadaí: W. Würfel, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht na hIodáile agus Airbus Defence and Space GmbH

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal, mar a léirítear í sa chuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 26 Aibreán 2023, OHB System v an Coimisiún (T-54/21, EU:T:2023:210) agus an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan conradh poiblí 2018/S 091-206089 a dheonú don achomharcóir, a fuair fógra ina leith an 19 Eanáir 2021 a chur ar neamhní, mar aon leis an gcinneadh ón gCoimisiún Eorpach an conradh poiblí a dheonú do Thales Alenia Space Italia (TASI) agus Airbus Defence and Space GmbH (ADS), a bhfuair an t-iarratasóir fógra ina leith i litir an 22 Eanáir 2021;

mar mhalairt air sin, breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal, mar a leagtar amach sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas, agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí seo a leanas:

1. Earráid dlí i léiriú agus cur i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid i léiriú agus cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne, a bhfuil feidhm aige maidir le nósanna imeachta soláthair i gcomhréir le hAirteagal 160(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 . Glacann an Chúirt Ghinearálta leis, go mícheart, nach féidir tairiscint a eisiamh ach amháin má chomhlíontar na critéir eisiaimh a leagtar síos in Airteagal 136 de Rialachán 2018/1046. Níor scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta ar chóir tairiscint ADS a eisiamh toisc gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne. Ní ar bhonn na gcritéir is infheidhme maidir le prionsabal an chomhionannais a fhíoraigh an Chúirt Ghinearálta ar sháraigh an Coimisiún prionsabal na córa comhionainne, ach ar bhonn an chritéir measúnaithe in Airteagal 136 de Rialachán 2018/1046.

Thairis sin, níor chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh na prionsabail arna leagan síos ag an gCúirt maidir leis an gcaighdeán fianaise a theastaíonn sna nósanna imeachta soláthair i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta.

2. Aicmiú dlíthiúil neamhiomlán na bhfíoras

Áitíonn an t-achomharcóir freisin go bhfuil an t-aicmiú dlíthiúil ar na fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta neamhiomlán, toisc nach ndearna an Chúirt Ghinearálta anailís ar inneachar na líomhaintí i ndara litir ghearáin an achomharcóra an 28 Eanáir 2021, cé go raibh fíorais thábhachtacha i gceist sa litir sin, fíorais ba chóir don Chúirt Ghinearálta a chur san áireamh tráth a fhíoraigh sí ar sháraigh an Coimisiún prionsabal an chomhionannais. Níor luaigh an Chúirt Ghinearálta ach go bhfuair an Coimisiún an litir sin i ndiaidh an chinnidh dámhachtana, agus níor fhíoraigh sí ar chóir dó síniú an Chonartha a chur ar fionraí i bhfeidhmiú a chumhachta lánroghnaí.

3. Níor scrúdaíodh an cheist ar mainníodh cúiseanna a lua

Ar deireadh, sa chuid dá breithiúnas a bhaineann leis an dara saincheist dlí, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta a fhíorú ar sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a lua. Ba chóir na cúiseanna dár chinn an t-údarás conarthach nach raibh an tairiscint ar glacadh léi thar a bheith íseal a chur in iúl don tairgeoir eisiata ar iarratas sainráite uaidh. Níor fhíoraigh an Chúirt Ghinearálta, i bhfianaise na hiarrata ar fhaisnéis ón achomharcóir an 28 Eanáir 2021, an raibh ar an gCoimisiún na cúiseanna nach raibh an tairiscint ó ADS thar a theith íseal a chur in iúl. Dá bhrí sin, níor chomhlíon an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid neamhchomhlíonadh na hoibleagáide cúiseanna a lua a scrúdú (ex officio).

____________

1     Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.