Iarraidh ar réamhrialú ón a taisceadh an 17 Eanáir 2022 – CAJASUR Banco S.A. v JO agus IM
(Cás C-35/22)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Provincial de Málaga
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CAJASUR Banco S.A.
Cosantóirí: JO agus IM
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An bhfuil sé i gcontrárthacht leis an gceart chun cosanta dlí éifeachtaí agus le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go n-gceanglófaí ar an tomhaltóir, sula dtionscnófaí imeachtaí breithiúnacha, go mbeadh éileamh íocaíochta seachbhreithiúnaigh déanta aige roimh ré ionas go dtionscnófaí, leis an dearbhú neamhnithe maidir le coinníoll ginearálta éagórach áirithe den chonradh, na hiarmhairtí cúiteacha uile (lena n-áirítear costais na n-imeachtaí breithiúnacha) a bhaineann leis an éagóir sin, de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí 1 ?
An bhfuil sé i gcomhoiriúnacht leis an gceart chun lánchúiteamh agus éifeachtacht dhlí an Aontais agus le hAirteagal 6(1) den Treoir thuasluaite go socrófaí critéir um fhorchur costais (lena n-áirítear táillí dlí) ag brath ar réamhéileamh íocaíochta seachbhreithiúnaigh a bheith déanta ag an tomhaltóir ar an eintiteas airgeadais chun críocha bhaint an chlásail sin?
____________
1 IO 1993, L 95, lch. 29