Achomharc arna thabhairt an 10 Eanáir 2022 ag Sanford LP i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2021 i gCás T-443/20, Sanford v EUIPO – Avery Zweckform (Lipéid)
(Cás C-19/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sanford LP (ionadaí: J. Zecher, Rechtsanwalt)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Avery Zweckform GmbH
Le hordú an 6 Aibreán 2022, dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra ag cinneadh an gceadófar le hachomhairc dul ar aghaidh) nach bhféadfar dul ar aghaidh leis an achomharc agus gur cheart do Sanford LP a chostais féin a iompar.
____________