Caingean arna tabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 – Société du Tour de France v EUIPO – FitX (TOUR DE X)
(Cás T-604/22)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Société du Tour de France (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: FitX Beteiligungs GmbH (Essen, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TOUR DE X – Iarratas ar chlárú Uimh. 16 701 039
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Iúil 2022 i gCás R 1136/2019-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh a chonspóidtear a chur ar ceal;
a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a iompar, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an dara Bord Achomhairc den Oifig.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________