Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 15 Nollaig 2022 ag Airoldi Metalli SpA i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-1/22, Airoldi Metalli SpA v an Coimisiún

(Cás C-764/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Airoldi Metalli SpA (ionadaithe: M. Campa, avvocato, D. Rovetta, avocat, P. Gjørtler, advokat, V. Villante, avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha;

Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Deireadh Fómhair 2022, i gCás T-1/22, Airoldi Metalli Spa vs. an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tabhairt ag Airoldi Metalli Spa inghlactha;

an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar shubstaint chaingean Airoldi Metalli Spa;

a ordú don Choimisiún Eorpach costas dlíthiúil an achomhairc reatha agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

San achomharc seo, maíonn an t-achomharcóir dhá fhoras achomhairc:

An chéad fhoras achomhairc: earráid dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d’Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis. — Cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise.

An dara foras achomhairc: Earráid dlí in Airteagal 263(4) CFAE a léiriú, agus go háirithe an ceanglas maidir le “cúram díreach agus leithleach”. — Cáiliú mícheart ar na fíorais.

____________