Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Bayerischer Anwaltsgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Bealtaine 2023 – Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft UG v Rechtsanwaltskammer München

(Cás C-295/23, Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bayerischer Anwaltsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft UG

Cosantóir: Rechtsanwaltskammer München

Páirtithe leasmhara: SIVE Beratung und Beteiligung GmbH, an Dr. Daniel Halmer, Rechtsanwalt

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear srian neamhdhleathach ar an gceart chun saorghluaiseacht caipitil faoi Airteagal 63(1) CFAE más rud é, faoi dhlíthe Ballstáit, go bhfuil an cead chun dlíchleachtadh atá ag cuideachta dlí le tarraingt siar i gcás:

ina n-aistrítear scair sa chuideachta dlí chuig duine nach sásaíonn na ceanglais phroifisiúnta speisialta a rialaíonn éadáil scaire faoi dhlí an Bhallstáit? Faoi na forálacha sin, ní cheadaítear scair i gcuideachta dlí a fháil ach do dhlíodóir nó ball eile de chumann barra, gníomhaire paitinní, comhairleoir cánach, ionadaí cánach, iniúchóir nó cuntasóir deimhnithe, duine den lucht dlí ó Stát eile atá údaraithe chun comhairle dlí a chur ar fáil sa chríoch náisiúnta, nó gníomhaire paitinní, comhairleoir cánach, ionadaí cánach, iniúchóir nó cuntasóir deimhnithe i Stát eile atá údaraithe chun an ghníomhaíocht sin a shaothrú sa chríoch náisiúnta nó dochtúir nó poitigéir?

ina sásaíonn comhpháirtí na ceanglais speisialta a leagtar amach i bpointe 1.1 ach nach bhfuil sé gníomhach go gairmiúil sa chuideachta dlí?

nach bhfuil formhór na scaireanna nó na gceart vótála i seilbh dlíodóirí a thuilleadh, toisc gur aistríodh scair nó ceart vótála amháin nó níos mó?

An srian neamhdhleathach ar an gceart chun saorghluaiseachta caipitil faoi Airteagal 63(1) CFAE é i gcás nach bhfuil ceart vótála ag comhpháirtí nach bhfuil i dteideal gairm a chleachtadh de réir bhrí phointe 1.1, cé go bhfuil clásail i mbunreacht na cuideachta ar mhaithe le neamhspleáchas ghairmithe dlí agus ghníomhaíochtaí dlíthiúla na cuideachta a chosaint, faoina ráthaítear go ndéanann dlíodóirí amháin ionadaíocht ar an gcuideachta mar stiúrthóirí bainistíochta nó oifigigh údaraithe, go gcuirtear cosc ar chomhpháirtithe agus cruinnithe na gcomhpháirtithe dul i gcion ar an mbord bainistíochta trí threoracha nó go hindíreach trí bhagairt míbhuntáistí, agus go mbaintear an fheidhm de rúin na gcomhpháirtithe dá mhalairt agus go leathnaítear an oibleagáid maidir le rúndacht dhlíthiúil chuig comhpháirtithe agus daoine atá ag gníomhú ar a son?

An gcomhlíonann na srianta a luaitear i gCeisteanna 1 agus 2 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3)(a) go (c) de Threoir 2006/123/CE 1 (“An Treoir um Sheirbhísí”) maidir le cur isteach inghlactha ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar?

Más rud é, dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, nach mbeadh tionchar ar cheart an iarratasóra chun saorghluaiseachta caipitil (Ceisteanna 1 agus 2) agus nach mbeadh sárú ar an Treoir um Sheirbhísí i gceist (Ceist 3):

An sáraítear leis na srianta a luaitear i gCeisteanna 1 agus 2 ceart an chéad pháirtí leasmhair (S-GmbH) chun saoirse bunaíochta de réir bhrí Airteagal 49 CFAE?

____________

1     Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).