Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Benschop v EUIPO – Seven Bell Group (ALWAYS RUN 4PRESIDENT)

(Cás T-76/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sven Benschop (Montfoort, an Ísiltír) (ionadaí: F. Boom, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Seven Bell Group (Campi Bisenzio, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ALWAYS RUN 4PRESIDENT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 228 179

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 1341/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an freasúra a dhíbhe ina iomláine;

a ordú do EUIPO agus do Seven Bell Group costais na n-imeachtaí seo a íoc i gcomhpháirt agus go leithleach.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________