Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 25 Feabhra 2022 ag Debregeas et associés Pharma (D & A Pharma) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a fógraíodh an 22 Nollaig 2021 i gCás T-381/21, Debregeas et associés Pharma v EMA

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-136/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Debrégeas et associés Pharma (D & A Pharma) (ionadaithe: N. Viguié, Dlíodóir, D. Krzisch, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir gur chóir don Chúirt

Ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 202 i gCás T-381/21, Debregeas et associés Pharma v EMA a chur ar neamhní;

Dá réir sin

–    An cás a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun críche go gcuirfeadh EMA a bharúlacha ar an substaint ar fáil agus go gcinnfeadh an Chúirt Ghinearálta ar an substaint;

An t-ordú arna lorg ag an achomharcóir ag an gcéad chéim a dheonú;

Dá dtabharfadh an Chúirt breith go raibh an comhad in ord agus go gcinnfeadh sí gan é a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta

An cinneadh lena ndearna an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) an grúpa comhairliúchán eolaíochta  “Scientific Advisory Group on Psychiatry” den Choiste um tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (CHMP) a dhíscaoileadh, arna nochtú leis an nglao poiblí ar léirithe spéise do shaineolaithe le bheith ina mbaill de na buanghrúpaí comhairleacha (SAG) de EMA an 5 Bealtaine 2021 agus preaseisiúint EMA an 5 Bealtaine 2021, a chur ar neamhní;

Ar aon chaoi,

A ordú do EMA na costais agus speansais na n-imeachtaí seo a íoc;

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Lena chéad shaincheist dlí, éilíonn an t-iarratasóir nach bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, gan earráid dlí a dhéanamh mar aon le hearráid mheasúnaithe fhollasach, nach mbeadh leas ag D & A caingean a thabhairt i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid, ar an mbonn nach dtiocfadh aon tairbhe dó dá ndéanfaí an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní, toisc go bhfuil an damáiste do chás D & A agus go háirithe dá chearta nós imeachta cinnte cheana féin, chomh maith leis an leas a bhainfeadh sé as an gcinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní, sa mhéid seo a leanas:

Go ndearna D & A achomharc i gcoinne chinneadh an 6 Iúil 2020 lenar diúltaíodh dá iarratas ar UM (údarú margaíochta), ar bhonn, inter alia, neamhrialtacht an nós imeachta as ar tháinig tuairim CHMP mar gheall ar easpa comhairliúcháin SAG Psychiatrie, le linn an nós imeachta athbhreithnithe (Iarratas Uimh. T-556-20);

Go mbaineann díscaoileadh SAG Psychiatrie ráthaíocht nós imeachta uaidh mar iarratasóir ar UM do tháirge íocshláinte síciatrach.

Lena dara saincheist dlí, éilíonn an t-iarratasóir nach bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, gan earráid dlí a dhéanamh mar aon le hearráid mheasúnaithe fhollasach, nach bhfuil suim an leas chun caingean a thabhairt de chuid D & A reatha ná cinnte, ach fáistineach agus hipitéiseach, le linn do D & A achomharc i gcoinne chinneadh an 6 Iúil 2020 lenar diúltaíodh dá iarratas ar UM ar bhonn, inter alia, neamhrialtacht an nós imeachta as ar tháinig tuairim CHMP mar gheall ar easpa comhairliúcháin SAG Psychiatrie, le linn an nós imeachta athbhreithnithe (Iarratas. Uimh. T-556-20).

____________