Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 2 Feabhra 2022 – Infraestruturas de Portugal, SA, Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA v Toscca Equipamentos de Madeira Lda.

(Cás C-66/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

An Phortaingéil

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Infraestruturas de Portugal, SA, Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA

Cosantóirí: Toscca Equipamentos de Madeira Lda.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An ionann an foras dícháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE1 agus ábhar forchoimeádta do chinneadh údaráis chonarthaigh?

An bhféadfaidh an reachtóir náisiúnta an cinneadh nach mór don údarás conarthach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE a mhalartú in iomlán le cinneadh (le héifeacht chinneadh) ginearálta ón Údarás um Iomaíocht pionós breise a fhorchur, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí le linn tréimhse sonraithe, arna ghlacadh i gcomhthéacs fhorchur fíneála mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta?

An gcaithfear cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le “hiontaofacht’ an eintitis eacnamaíoch i bhfianaise chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) rialacha Dhlí na hiomaíochta, lasmuigh den nós imeachta tairisceana sonraí, a thuiscint amhail go bhfuil riachtanas ann leis chun measúnú a dhéanamh bunaithe ar oiriúnacht choibhneasta an eintitis eacnamaíoch thuasluaite, arb ionann é léiriú nithiúil ar an gceart chun dea-riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha de chuid an Aontais Eorpaigh?

An bhféadfar a mheas go bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hairteagal 55, mír 1, litir f) de CCP1 , lena bhforáiltear go bhfuil eisiamh eintiteas eacnamaíoch ó nós imeachta soláthair de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta, arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta soláthair shonraigh, faoi réir an chinnidh a ghlacann an tÚdarás Iomaíochta i gcomhthéacs cur chun feidhme phionóis bhreise ar toirmeasc ar thairiscint é, arb é an tÚdarás Iomaíochta sa chomhthéacs seo a mheasann oiriúnacht na mbeart ceartaitheach arna nglacadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE?

An bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hairteagal 70, mír 2, litir g) de CCP, lena gcuirtear teorainn ar an bhféidearthacht soláthar a eisiamh mar gheall ar fhianaise shuntasach a bheith ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis lena bhféadfaí na rialacha iomaíochta maidir leis an nós imeachta soláthair shonraigh ina n-aithneofaí na cleachtais úd a shaobhadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE freisin?

____________

1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO 2014, L 94, lch. 65).

1 Código dos Contratos Públicos (Cód um Chonarthaí Poiblí)