Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022– Beveland v EUIPO – Super B (BUCANERO)
(Cás T-29/21) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BUCANERO – Fíorúsáid a bhaint as an trádmharc – Pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán 2017/1001 – Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn an tsaintréith– Cruthúnas ar fhíorúsáid)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Beveland, SA (Sant Joan les Fonts, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO atá ina idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Super B, SL (Talavera de la Reina, an Spáinn) (ionadaí: K. Guridi Sedlak, Dlíodóir)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Samhain 2020 (Cás R 1046/2020 - 5) maidir le himeachtaí cúlghairme idir Beveland agus Super B.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordáitear do Beveland, SA na costais a íoc.
____________
1 IO C 79, 8.3.2021.