Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 1 Márta 2024 ag enercity AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-65/21, enercity AG v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-179/24 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: enercity AG (ionadaí: C. Schalast, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, E.ON SE, RWE AG

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023, enercity v an Coimisiún (T-65/21), a chur ar ceal agus an cinneadh atá faoi chonspóid ón gCoimisiún Eorpach a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, an breithiúnas atá faoi achomharc ar chur ar ceal agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú don Choimisiún Eorpach costais an dá chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, ardaítear cúig shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart ar Airteagal 3(1) den Rialachán um Chumaisc 1 i ndáil le scaradh an idirbhirt fhoriomláin idir RWE agus E.ON, a mhéid a thagair sí go heisiach don Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse 2 agus a rinne sí neamhaird ar an mbreithiúnas in ‘Cementbouw3 agus ar aithris 20 den Rialachán um Chumaisc dá thoradh sin. Dá bhrí sin, sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabail ordlathas na norm, an smachta reachta agus scaradh na gcumhachtaí.

Ar an dara dul síos, níor dhéileáil an Chúirt Ghinearálta leis an gceist ina breithiúnas, an raibh an comhaontú a rinne na páirtithe sa chomhchruinniú chun an margadh a pháirtiú, ar dá réir a dhíreodh RW ar an margadh giniúna go heisiach agus a dhíreodh E.EON ar an margadh dáilte go heisiach ina shárú ar an toirmeasc ar chairtéil de réir Airteagal 101 CFAE. I ndáil leis sin go sonrach, níor chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh nár cuireadh infheidhmeacht an dlí phríomha amhail Airteagal 101 CFAE as an áireamh le hAirteagal 21(1) den Rialachán um Chumaisc. Níor bhreithnigh an Chúirt Ghinearálta gnéithe sár-riachtanacha i ndáil leis sin agus dá bhrí sin tháinig sí ar chinneadh ina bhfuil earráidí dlí.

Ar an tríú dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart go ndearna an Coimisiún anailís cheart ar na sonraí. I ndáil leis sin, rinne an Chúirt Ghinearálta neamhaird air nach raibh an t-imscrúdú margaidh a d’úsáid an Coimisiún ina fhoinse sonraí chuí. Fágann na himthosca ina ndearnadh an t-imscrúdú margaidh amhrais shuntasacha faoi iontaofacht na faisnéise a fuarthas ón ngnóthas a ceistíodh. Thairis sin, níl na torthaí ar an imscrúdú margaidh soiléir agus ní thacaíonn siad leis an toradh a chuir an Coimisiún in iúl. Níor chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, áfach, agus sin go mícheart, an tuarascáil ó shaineolaí a thíolaic an t-achomharcóir lena léirítear go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe, toisc gur tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid mhícheart go bhfuil sonraí sa tuarascáil a bhaineann leis an tráth i ndiaidh an cinneadh údaraithe a ghlacadh.

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís mhícheart ar an earnáil leictreachais miondíola. Tháinig sí ar an gconclúid go mícheart nach raibh an iomaíocht idir bunsoláthraithe agus soláthróirí conarthaí speisialta agus gur féidir a mheas go nithiúil go bhfuil dhá mhargadh ar leith ann dá bhrí sin. Níor chuir an Chúirt Ghinearálta argóintí ábhartha an achomharcóra san áireamh ina hanailís agus dá bhrí sin rinne sí neamhaird ar an earráid fhollasach mheasúnaithe a rinne an Coimisiún.

Ar deireadh, rinne an Chúirt Ghinearálta measúnú mícheart ar an mbrú iomaíochta féideartha. Níor chuir sí san áireamh go raibh brú iomaíochta féideartha idir na páirtithe sa chomhchruinniú, a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina fhíorbhrú iomaíochta tráth ar bith. Dá bhrí sin, tá an toimhde a rinne an Chúirt Ghinearálta nach raibh na páirtithe sa chomhchruinniú ina ndlúthiomaitheoirí mícheart.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO 2004 L 24, lch. 1).

1      Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO 2008 C 95, lch. 1, arna cheartú le IO 2009 C 43, lch. 10).

1     Breithiúnas an 23 Feabhra 2006, Cementbouw Handel & Industrie v an Coimisiún, T-282/02, EU:T:2006:64.