Iarraidh ar réamhrialú ó Sozialgericht Detmold (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Meitheamh 2023 – FL v Jobcenter Arbeitplus Bielefeld
(Cás C-397/23, Jobcenter Arbeitplus Bielefeld)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Sozialgericht Detmold
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FL
Cosantóir: Jobcenter Arbeitplus Bielefeld
Idiragraí: Stadt Bielefeld
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta nach féidir cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád a dheonú do thuismitheoir eachtrach le leanbh neamhphósta atá ina chónaí i gcríoch náisiúnta ach amháin má tá gnáthchónaí ar an tuismitheoir sa chríoch náisiúnta, rud a chiallaíonn nach bhfuil saoránaigh den Aontais de chuid Ballstáit i dteideal cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád shaoránach den Aontas ar mionaoiseach é agus ar náisiúnach Ballstáit é nach é an tír óstach?
____________