Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 28 Feabhra 2024 – STM Srl v Ministero della Giustizia

(Cás C-156/24, STM)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: STM Srl

Cosantóir: Ministero della Giustizia

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil prionsabal an chomhair dhílis atá leagtha síos in Airteagal 4(3) CAE, an ceart bunúsach chun leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontas Eorpaigh, agus Treoir 2011/7/AE1 , go háirithe Airteagail 2(1) agus 2(2) de, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta lena: (i) n-eisiatar an cháilíocht mar ‘idirbhearta tráchtála’ de réir bhrí na Treorach maidir le seirbhísí a dhéanann cairtfhostóirí ar luach saothair arna iarraidh sin d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí; (ii) lena n-eisiatar, dá bhrí sin, ó rialáil úis faoin Treoir sin éileamh na gcairtfhostóirí ar sheirbhísí a dhéantar in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí?

An bhfuil prionsabal an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, an ceart bunúsach chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse atá cumhdaithe in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i dTreoir 2011/7 – go háirithe, Airteagal 10(1) de, sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas náisiúnta nach leagann síos teorainn ama shocraithe chun táillí a íoc a bheidh dlite do sholáthraí seirbhíse agus/nó a fhorálann freisin nach bhféadfar cearta den sórt sin a fhorghníomhú ach amháin trí bhíthin na leigheasanna dá bhforáiltear in decreto del Presidente della Repubblica n. 115/2002 – Testo Unico in materia di spese di giustizia (Foraithne Uachtaránachta Uimh. 115/2002 – Téacs comhdhlúite maidir le costais dlí) agus go háirithe trí bhíthin an leigheas chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe um chánachas costas amháin?

____________

1     Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú) (IO 2011, L 48, lch. 1).