Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte di appello di Napoli (an Iodáil) an 6 Feabhra 2024 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh ATAU

(Cás C-95/24, Khuzdar 1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte di appello di Napoli

Imeachtaí coiriúla in aghaidh:

ATAU

Na ceisteanna a tharchuirtear

Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar cheart forálacha comhcheangailte na n-Airteagal seo a leanas:

•    Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002; 1

•    Airteagail 9(1)(i) agus 25 de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008; 1

a léiriú sa chaoi a chiallaíonn:

go bhfuil an chumhacht lánroghnach agus nach bhfuil an dualgas, ag cúirt an Stáit fhorghníomhaithigh, nuair a iarrtar uirthi breithiúnas coiriúil infhorghníomhaithe iasachta a aithint, diúltú aitheantas a thabhairt don bhreithiúnas nuair is dealraitheach nár thug an triail as ar tháinig an breithiúnas sin aon ráthaíochtaí nós imeachta don chosantóir dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(i) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008;

go bhfuil an chumhacht ag cúirt an Stáit fhorghníomhaithigh, ar iarradh uirthi tabhairt suas a ordú ar bhonn barántas gabhála Eorpach arna eisiúint chun críche breithiúnas a fhorghníomhú, nuair a chomhlíontar na coinníollacha chun a ordú don duine faoi phianbhreith a thabhairt suas don Stát fhorghníomhaithigh agus na coinníollacha faoina ndiúltófar don duine faoi phianbhreith a thabhairt suas trí ordú a dhéanamh go comhuaineach an phianbhreith a fhorghníomhú ar chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh, diúltú do thabhairt suas, an breithiúnas a aithint agus a fhorghníomhú a ordú ar a críoch fiú murar thug an triail a d’eascair an breithiúnas aitheanta aon ráthaíochtaí nós imeachta don chosantóir dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(i) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008.

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).

1     Maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).