Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana (an Spáinn) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Asociación Española de Fabricantes de Máquinas Recreativas y de Juego (Aseseam) agus páirtithe eile v Conselleria de Hacienda y Modelo Económico de la Generalitat Valenciana

(Cás C-720/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Asociación Española de Fabricantes de Máquinas Recreativas y de Juego (Aseseam), Asociación de Empresarios de Máquinas Recreativas de la Comunidad Valenciana (Andemar CV), Asociación Provincial de Empresas Comercializadoras de Empresas de Máquinas Recreativas y de Azar de Alicante (Apromar-Alicante) agus Federación Empresarial de Hostelería de Valencia

Cosantóir: Conselleria de Hacienda y Modelo Económico de la Generalitat Valenciana

Tríú páirtí: Organización Nacional de Ciegos Españoles (ONCE)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht arna leagan amach in Airteagal 9 de Decreto 97/2021 (Foraithne 97/2021) a mhéid a dhéantar athnuachan ar údaruithe chun meaisíní cineál B a oibriú dodhéanta léi, arb údaraithe iad a bhí ann sular tháing Ley 17/2021 [Dlí 17/2021] i bhfeidhm, i ndiaidh a theacht i bhfeidhm, agus an deichiú foráil idirthréimhseach de Ley 1/2020, de 11 de junio, de la Generalitat, de regulación del juego y de prevención de la ludopatía en la Comunidad Valenciana [Dlí 1/2020 an 11 Meitheamh 2020 maidir le cluichíocht a rialú agus andúil sa chearrbhachas a chosc i gComhthionól Valencia, ‘Dlí 1/2020’]) lena mbunaítear moratóir cúig bliana ó theacht i bhfeidhm don dlí sin ar cheadúnais nua nó údaruithe nua le haghaidh bunaíochtaí cluichíochta agus ar údaruithe chun meaisíní Cineál B a oibriú a dheonú, toisc go bhfuil a leithéid de shrianta ar neamhréir leis na prionsabail dá dtagraítear thuas um shaoirse fiontraíochta, um shaoirse bunaíochta chomh maith leis an tsaoirse chun gníomhaíochtaí a sheoladh agus na rochtana ar mhargaí?

Gan beann ar an bhfreagra ar an gceist roimhe seo, maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 9 de Decreto 97/2021 (Foraithne 97/2021) agus an fhoráil idirthréimsheach de [Dhlí 1/2020], a mhéid nach ndéantar dochar leis do bhunaíochtaí cluichíochta agus cearrbhachais poiblí, a bhfuil díolúine acu ó na srianta ar a n-oibriú de bharr chineál na ngeallta agus na gcluichí a ndéanann siad urraíocht orthu, ach don earnáil phríobháideach (gnóthais fáilteachais agus a leithéidí sin de ghnóthais ina bhfuil siad bunaithe agus go hindíreach do mhonróirí meaisíní Cineál B dá leithéid) a bhforchuirtear na srianta sin orthu?

An gcuirtear cosc ar a leithéid d’fhorálacha den reachtaíocht náisiúnta le prionsabail aontacht an mhargaidh, an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe idir gníomhaithe san earnáil cluichíochta?

An ionann an staid a chuirtear síos uirthi agus buntáiste lena ndéantar dochar d’iomaíocht san earnáil agus lena saobhtar í?

____________