Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Márta 2024 – DB agus páirtithe eile v an Pharlaimint

(Cás T-152/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: DB, DC agus DD (ionadaithe: S. Orlandi, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 25 Bealtaine 2023 lena bhfógraítear cearta pinsin DB a chur ar neamhní;

cinneadh an 4 Iúil 2023 lena ndiúltaítear na hiarratais arna dtaisceadh ag DC an 13 Márta 2023 agus ag DD an 4 Bealtaine 2023 a chur ar neamhní;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí príomha amháin agus saincheist dlí mhalartach amháin atá comhionann nó cosúil leo siúd a bhfuiltear ag brath orthu i gCás T-131/24 CR v an Coimisiún.

____________