Caingean arna tabhairt an 16 Márta 2024 – End the Cage Age v an Coimisiún
(Cás T-151/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Citizens’ Committee of the European citizens’ initiative ‘End the Cage Age’ (ionadaí: T. Hieber, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta::
a shuíomh, trí mhainneachtain teachtaireacht a ghlacadh lena n-áirítear amlíne nua chun togra reachtach a ghlacadh mar fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘End the Cage Age’ lena leasaítear an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal ‘End the Cage Age’, C(2021)4747 final, an 30 Meitheamh 2021, gur sháraigh an Coimisiún Eorpach na Conarthaí;
diúltú an Choimisiúin mar thoradh ar an litir ón gCoimisinéir Kyriakides dar dáta an 5 Feabhra 2024 maidir le hiarraidh an iarratasóra ar rochtain ar an gcomhad san ábhar ‘End the Cage Age’ a chur ar neamhní;
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear, trí mhainneachtain an Choimisiúin gníomhú, gur sáraíodh an oibleagáid amlíne a leagan amach de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 20191 agus Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú ar Airteagal 41(2)(b) den Chairt um Chearta Bunúsacha é diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt don iarratasóir ar an gcomhad san ábhar ‘End the Cage’.
____________
1 Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO 2019 L 130, lch. 55).