Language of document :

Caingean arna tabhairt an 12 Márta 2024 – AlfaStrakhovanie v an Chomhairle

(Cás T-150/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: AlfaStrakhovanie (Moscow, an Rúis) (ionadaí: A. Genko, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle 1 an 17 Márta 2014, arna leasú an 18 Nollaig 2023 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2875 2 , a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir trína chur le liosta na n-eintiteas ar forchuireadh smachtbhannaí orthu faoi uimhir 270, a chur ar neamhní;

Cinneadh 2014/145/CBES 1 ón gComhairle an 17 Márta 2014, arna leasú an 18 Nollaig 2023 le Cinneadh (CBES) 2023/2871 2 ón gComhairle a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir agus lena chur le liosta na n-eintiteas ar forchuireadh smachtbhannaí orthu faoi uimhir 270, a chur ar neamhní;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar an bhforas nár chuir an Chomhairle aon fhoras aonair, sonrach agus nithiúil ar aghaidh lena bhfhéadfaí an t-iarratasóir a cháiliú i gcomhréir leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir leis.

An dara saincheist lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ar an bhforas go bhfuil dearbhuithe míchearta sa ráiteas ar chúiseanna agus nach bhfuil fíorais sa chomhad fianaise lena dtugtar údar maith leis an iarratasóir a chur ar liosta na ndaoine a bhfuil smachtbhannaí orthu.

An tríú saincheist lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun maoine agus an tsaoirse fiontraíochta, chomh maith le prionsabal na comhréireachta mar gheall ar an tionchar díréireach ar thríú páirtithe agus neamhinniúlacht na smachtbhannaí chun na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán Uimh. 269/2014 a bhaint amach.

An ceathrú saincheist lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe mar gheall ar an tionchar díréireach ar thríú páirtithe agus mar gheall ar an neamhinniúlacht na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán Uimh. 269/2014 a bhaint amach.

An cúigiú saincheist lena n-éilítear go bhféadfaí bearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna leis na bearta atá i gceist a ghlacadh.

An séú saincheist lena n-éilítear pléadáil theagmhasach neamhdhleathachta maidir leis an gcritéar a leagtar síos in Airteagal 3(1)(f) de Rialachán Uimh. 269/2014, mar gheall ar an easpa naisc leordhóthanaigh idir an critéar agus an cuspóir a shaothraítear agus mar gheall ar shárú ar phrionsabail bhunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe.

An seachtú saincheist lena n-éilítear sárú ar rialacha na foirmiúla, mar gheall ar neamhinniúlacht na Comhairle na daoine atá faoi réir na mbeart sriantach a shainaithint i gceart.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2875 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2023/2875).

1 Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

1 Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2023/2871 an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2023/2871).