Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2024 – Independent Farmers Organisation of Ireland v an Coimisiún

(Cás T-62/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Independent Farmers Organisation of Ireland (Drom Díogais, Éire) (ionadaí: B. Burns, Aturnae)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2666 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2023 a chur ar neamhní, lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Irish Grass Fed Beef’ (TGFC)), arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; 1

a ordú go bhfuil forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 1 neamhbhailí a mhéid nár ceadaíodh leo do rannpháirtíocht éifeachtach an iarratasóra i gclárú an tásc geografach faoi chosaint thuasluaite;

a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil.

Líomhnaítear nár urramaíodh ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil, de shárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

De shárú ar a cheart chun éisteacht a fháil, measann an t-iarratasóir nár tugadh aon deis chun éisteacht a fháil dó ná aon deis chun go ndéanfaí measúnú ar a thuairimí maidir leis an iarratas comhpháirteach ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. 1

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4: ‘I gcás iarratais chomhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, leanfar na nósanna imeachta freasúra náisiúnta lena mbaineann sna Ballstáit uile lena mbaineann.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Líomhnaítear nár cloíodh leis na forálacha sin agus nár tugadh aon deis don iarratasóir éisteacht a fháil maidir leis an iarratas comhpháirteach ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann).

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus an t-iarratas nua a bheith á mheas mar leasú substaintiúil.

Áitítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus fíorais trí chlárú a chur i gcrích (gan deis a bheith ann freasúra breise a agairt go náisiúnta) i gcúinsí inar iarratas comhpháirteach nua a bhí san iarratas i ndáiríre ach nár leanadh an nós imeachta freasúra náisiúnta ach amháin sa Bhallstát as ar tháinig an t-iarratas bunaidh agus nár leanadh an nós imeachta freasúra náisiúnta ach maidir leis an iarratas bunaidh amháin.

Mar gheall ar an sárú, baineadh an nós imeachta agus an deis den iarratasóir chun agóid a dhéanamh i gcoinne an iarratais chomhpháirtigh ó thríú tír/a bhaineann le tríú tír.

4.     An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

A mhéid a cheadaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ainm a chlárú sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Irish Grass Fed Beef’ (TGFC)) sna himthosca a thagann chun cinn anseo, tá an méid sin neamhbhailí a mhéid ar sáraíodh r ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil agus chun rannpháirtíochta éifeachtaí sa phróiseas ainmniúcháin.

5.    An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear éifeacht ar an iarratasóir.

Baineann an clárú TGFC go díreach leis an eagraíocht is iarratasóir agus lena baill, agus déanann sé dochar dá leasanna, níl beart cur chun feidhme i gceist leis an gclárú sin.

____________

1 IO L 2023/2666

1 Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO 2012 L 343, lch. 1).

1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO 2014 L 179, lch. 17).