Language of document :

Caingean arna tabhairt an 27 Samhain 2023 Lagardère v an Coimisiún

(Cás T-1119/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Lagardère SA (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: D. Theophile, G. Aubron agus C. Bocket, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

ar bhonn Airteagal 263 CFAE, Cinneadh C(2023) 6429 ón gCoimisiún Eorpach an 19 Meán Fómhair 2023, arna leasú le Cinneadh C(2023) 7464 ón gCoimisiún Eorpach an 27 Deireadh Fómhair 2023, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go mbaineann an Cinneadh atá faoi chonspóid mí-úsáid as cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 11(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, sa mhéid is go dtarmligeann sé go neamhdhleathach chuig Lagardère SA an cúram maidir le ‘tochailt’ taiscéalaíocha a dhéanamh, gan a chumas dlíthiúil agus teicniúil a fhionnadh chun tochailtí den sórt sin a dhéanamh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296 CFAE, sa mhéid is nach bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid réasúnaithe go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, nach gcuireann sé ar chumas an iarratasóra na cúiseanna atá leis an mbeart a glacadh, ná le cúirteanna an Aontais rialú a fheidhmiú ar dhlíthiúlacht an Chinnidh atá faoi chonspóid. Go háirithe, le réasúnaíocht an Chinnidh atá faoi chonspóid, ní féidir tuiscint a fháil ar (i) rogha na hionstraime dlí, ná ar (ii) raon feidhme na faisnéise a iarrtar.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart bunúsach go n-urramófaí an saol príobháideach agus ar rúndacht an chomhfhreagrais, sa mhéid is go gcuireann an Cinneadh atá faoi chonspóid oibleagáid ar an iarratasóir uirlisí cumarsáide pearsanta a fhostaithe agus a ndoiciméid phearsanta a choimeádtar ar a n-uirlisí gairmiúla a bhailiú.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar bhunphrionsabal shaoirse an phreasa, sa mhéid nach bhforáiltear sa Chinneadh atá faoi chonspóid d’aon chosaint ar dhoiciméid a bhféadfadh foinsí iriseoireachta a bheith iontu, agus go bhforchuireann sé ualach oibre atádíréireach le riachtanais imscrúdú an Choimisiúin ar Lagardère SA agus ar na hiriseoirí lena mbaineann.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal ginearálta an chirt chun deimhneachta dlíthiúla, sa mhéid nach féidir a mheas go bhfuil anCinneadh atá faoi chonspóid ‘soiléir agus beacht go leor’ de réir bhrí an chásdlí agus gur gá go mbeadh an t-iarratasóir in ann a oibleagáidí dlíthiúla agus conarthacha a shárú.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal na cosanta ar idirghabháil threallach ag údaráis phoiblí i réimse na gníomhaíochta príobháidí, sa mhéid is go dtéann an Cinneadh atá faoi chonspóid thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm atá á saothrú ag imscrúdú an Choimisiúin a bhaint amach, maidir le (i) an ionstraim dlí a roghnaíodh, (ii) raon feidhme na faisnéise a iarrtar agus (iii) an teorainn ama freagartha a fhorchuirtear.

____________