Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 — Coimisiún Eorpach v Poblacht na Laitvia

(Cás C-192/23)

Teanga an cháis: an Laitvis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus I. Naglis, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Laitvia

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Laitvia na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú1 a chomhlíonadh ós rud é nár bhunaigh sí ná nár chuir sí chun feidhme pleananna gníomhaíochta do na conairí tosaíochta tabhairt isteach arna sainaithint agus ós rud é nár chuir sí in iúl don Choimisiún iad gan mhoill.

Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (5) de Rialachán Uimh. 1143/2014, bhí tréimhse trí bliana ag Poblacht na Laitvia, ó ghlacadh liosta an Aontais, chun tacar de phleananna gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta trína dtugtar isteach agus trína leatar, go neamhbheartaithe, speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Uimh. 1143/2014, a bhunú, a chur chun feidhme agus a sheoladh chuig an gCoimisiún. Ghlac an Coimisiún an liosta a luaitear in Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1143/2014 an 13 Iúil 2016, sa chaoi is go ndeachaigh an tréimhse trí bliana in éag an 13 Iúil 2019.

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán, d’aithin an Laitvia ar a laghad cúig chonair tosaíochta (conairí gairneoireachta, tabhairt isteach tánaisteacha agus uisceadáin do phlandaí agus conairí tabhairt isteach tánaisteacha agus éalaithe ó shaoráidí coimeádta d’ainmhithe).

Níor bhunaigh agus níor sheol Poblacht na Laitvia pleananna gníomhaíochta chuig an gCoimisiún ach maidir le ceann amháin de na conairí tosaíochta sin, áfach.

____________

1 IO 2014 L 317, lch. 35.