Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – an Spáinn v an Coimisiún

(Cás T-495/21) 1

(CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas na Spáinne – Ceartuithe airgeadais – Príomhsheiceálacha – Crosseiceálacha agus nuashonrú ar SIGPAC – Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 – Airteagail 28 agus 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 – Earráid fhollasach mheasúnúcháin – Seiceálacha ar an láthair – Ceartú ar ráta comhréidh lena gcumhdaítear na heasnaimh go léir a aimsíodh – Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 – Treoirlínte maidir leis na ceartuithe airgeadais a ríomh)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus A. Ballesteros Panizo, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina, F. Castilla Contreras agus I. Galindo Martín, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Ríocht na Spáinne go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/988 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna dhéanamh ag na Ballstáit de bhun an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 218, lch. 9), a mhéid a bhaineann sé le haisíocaíocht na cabhrach dírí le haghaidh smachta airgeadais agus leis an gcaiteachas a rinne sé faoi chabhair dhíreach dhíchúpláilte maidir le pobal uathrialach Thír na mBascach (an Spáinn) do na blianta éilimh 2016 go 2018, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Ríocht na Spáinne na costais a íoc.

____________

1 IO C 401, 4.10.2021.