Achomharc arna thabhairt an 13 Iúil 2023 ag Consulta GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Breitheamh aonair) a tugadh an 17 Bealtaine 2023 i gCás T-267/22, Consulta GmbH v EUIPO
(Cás C-443/23 P)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Consulta GmbH (ionadaithe: M. Kinkeldey, S. Clotten agus S. Brandstätter, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Le hordú an 9 Samhain 2023, dhiúltaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) don iarratas chun ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________