Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék - an Ungáir) – HUMDA Magyar Autó-Motorsport Fejlesztési Ügynökség Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás -397/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Comhchuibhiú dlí cánach – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Díolacháin nach bhfuil faoi réir CBL – CBL a sonrascadh go míchuí agus a íocadh go míchuí – Leachtú an tsoláthraí – Diúltú an údaráis chánach CBL a íocadh go míchuí a aisíoc leis an gcustaiméir – Prionsabail na héifeachtachta, na neodrachta cánach agus an neamh-idirdhealaithe)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HUMDA Magyar Autó-Motorsport Fejlesztési Ügynökség Zrt.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

Maidir le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na héifeachtachta agus neodracht na cánach breisluacha (CBL),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc léi ar reachtaíocht Ballstáit ar dá réir nach féidir le duine inchánach ar sholáthair duine inchánach eile seirbhís dó aisíocaíocht a éileamh, go díreach ón údarás cánach, ar an méid a chomhfhreagraíonn don CBL ar ina leith a rinne an soláthraí seirbhíse sin sonrascadh míchuí ar an duine inchánach sin agus a d’íoc an soláthraí seirbhíse sin leis an Státchiste, i gcás ina bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair an méid sin a éileamh ón soláthraí seirbhíse sin mar gheall ar an soláthraí seirbhíse sin dul faoi leachtú agus cé nach féidir calaois ná mí-úsáid a chur i leith an dá dhuine inchánach sin, agus mar thoradh air sin nach bhfuil aon bhaol ann go gcaillfear ioncam cánach don Bhallstát sin.

Maidir le hAirteagal 183 de Threoir 2006/112, arna léamh i bhfianaise phrionsabal neodrachta CBL,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás inar féidir le duine inchánach ar sholáthair duine inchánach eile seirbhís dó aisíocaíocht a éileamh go díreach ón údarás cánach i leith an mhéid a chomhfhreagraíonn don CBL ar ina leith a rinne an soláthraí seirbhíse sin sonrascadh míchuí ar an duine inchánach sin agus a d’íoc an soláthraí seirbhíse sin leis an Státchiste, tá d’oibleagáid ar an údarás sin ús a íoc ar an méid sin i gcás nach ndearna sé an aisíocaíocht sin laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis gur iarradh air déanamh amhlaidh. Tagann na rialacha maidir le hús a chur i bhfeidhm ar an méid sin faoi neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, faoi réir phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, agus tuigtear nár cheart go bhfágfadh na rialacha náisiúnta a bhaineann go háirithe le ríomh aon úis atá dlite nach mbeidh cúiteamh leordhóthanach ag an duine inchánach i ndáil leis an gcaillteanas a tharla mar thoradh ar aisíocaíocht dhéanach an mhéid sin. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé gach rud atá laistigh dá dlínse a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt don Airteagal 183 sin tríd an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

____________

1 IO C 357, 06.09.2021