Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy w Koszalinie (an Pholainn) a taisceadh an 7 Feabhra 2024 – G.M.K.-Z.B.M. v S.O.

(Cás C-99/24, Chmieka 1 )

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy w Koszalinie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: G.M.K.-Z.B.M.

Cosantóir: S.O.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012, maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála  1 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn ‘imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh’ taisceadh achomhairc ag an iarratasóir i gcás sibhialta nó taisceadh iarratas ar athbhreithniú ar an gcás ag an gcosantóir tar éis clabhsúr deiridh an cháis sin?

An gcaithfear na forálacha faoi Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála 1 , nó, más infheidhme, na forálacha faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a léiriú sa chaoi go bhféadfar an dlí a agairt ar dhuine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát os comhair cúirteanna Ballstáit eile i gcás a bhaineann le cúiteamh a íoc as úsáid neamhchonarthach foirgnimh atá suite sa Bhallstát eile sin?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2012, L 351, lch. 1.

1     IO 2001, L 12, lch. 1.