Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Social nº 3 de Pamplona a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – UV v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Cás C-623/23, Melbán 1 )

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social nº 3 de Pamplona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UV

Cosantóir: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

Páirtithe eile: OP agus Ministerio Fiscal

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Maidir le Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhfuil riail náisiúnta ar nós na rialach atá in Airteagal 60 den Ley General de Seguridad Social (an Dlí Ginearálta um Shlándáil Shóisialta, ‘LGSS’) i gcomhréir le phrionsabal na córa comhionainne lena gcuirtear cosc ar aon idirdhealú ar bhonn gnéis, rud a aithnítear in Airteagail 1 agus 4 den Treoir, ar riail í lena n-aithnítear, faoin gceannteideal ‘Forlíonadh Pinsean ranníocacha ar mhaithe leis an neamhionannas inscne a laghdú’, go ndlitear an ceart chun pinsin seanaoise ranníocacha agus chun pinsean buaneasláine a fháil do mhná a raibh clann fola nó uchtaithe acu agus atá ina bhfaighteoirí de na pinsin sin, gan aon cheanglas eile a bheith ann agus gan beann ar mhéid a bpinsean, agus nach n-aithnítear go bhfuil an ceart sin faoi na cúinsí céanna ag fir ar comhionann an cás dóibh trí chur de cheangal, chun teacht a bheith acu ar fhorlíonadh le pinsean seanaoise nó buaneasláine, nach ndéanann siad ranníocaíocht nó gur lú na ranníocaíochtaí a dhéanann siad ar feadh tréimhsí áirithe i ndiaidh bhreith nó uchtú na ndaoine clainne agus, go nithiúil, i gcás daoine clainne a rugadh roimh an 31 Nollaig 1994, gur thug na fir sin 120 lá gan ranníocaíocht a dhéanamh sa tréimhse idir naoi mí roimh an mbreith agus an trí bliana tar éis an dáta sin nó, i gcás uchtú, idir dáta an rialaithe cúirte lenar bunaíodh an t-uchtú agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar choinníoll gur lú suim mhéideanna na bpinsean arna dheonú agus suim na bpinsean a dhlitear don bhean, agus i gcás páistí a rugadh ón 1 Eanáir 1995 ar aghaidh, gur lú le níos mó ná 15 %, suim na mbunús leis an ranníocaíocht le haghaidh na 24 mhí díreach i ndiaidh na breithe sin nó an rialaithe cúirte lena mbunaítear an t-uchtú, ná suim na mbunús leis an ranníocaíocht le haghaidh na 24 mhí díreach roimhe sin, ar choinníoll gur lú suim mhéideanna na bpinsean arna ndeonú agus suim na bpinsean a dhlitear don bhean?

I gcás idirdhealú ar bhonn gnéis:

An gceanglaítear le Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile nach mór an forlíonadh leis an bpinsean seanaoise a dheonú don phinsinéir fireann de dheasca an idirdhealaithe de thoradh a eisiamh, d’ainneoinn go mbunaítear le hAirteagal 60 de LGSS nach bhfuil an forlíonadh indeonaithe ach do dhuine de na tuismitheoirí agus, ag an am céanna, an gcaithfeadh nach mbeadh sé mar thoradh ar an bhforlíonadh a dheonú don phinsinéir fearga, go mbeadh d’éifeacht ag an mbreithiúnas de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag neamhréireacht na reachtaíochta náisiúnta leis an Treoir, go dtarraingeofaí siar an forlíonadh arna dheonú don bhean is pinsinéir seanaoise i gcás ina bhfuil na ceanglais dlí á gcomhlíonadh aici le bheith ina máthair duine clainne nó níos mó?

____________

1 Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 IO 1979 L 6.