Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Qx World v EUIPO – Mandelay (EDUCTOR)

(Cás T-102/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Qx World Kft. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: Á. László agus A. Cserny, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mandelay Magyarország Kereskedelmi Kft. (Mandelay Kft.) (Szigetszentmiklós, an Ungáir)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘EDUCTOR’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 12 250 593

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2023 i gCás R 8/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an cás a tharchur chuig Boird Achomhairc de chuid EUIPO;

a ordú don chosantóir agus don idiragraí, más ann dó, costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal  94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar Airteagal 60(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________