Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 20 Meán Fómhair 2022 (iarratais ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin)) – Bundesrepublik Deutschland v SpaceNet AG (C‑793/19), Telekom Deutschland GmbH (C‑794/19)

(Cásanna Uamtha C-793/19 agus C-794/19) 1

(Tarchur chun réamhrialú — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Rúndacht na cumarsáide — Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí — Sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 6, 7, 8, 11 agus 52(1) —Airteagal 4(2) TUE)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesrepublik Deutschland

Cosantóirí: SpaceNet AG (C‑793/19), Telekom Deutschland GmbH (C‑794/19)

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

a léirmhíniú amhail agus:

go gcuirtear cosc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh.

nach gcuirtear bac ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas:

– chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, dul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i gcásanna ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann ag tabhairt aghaidh ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar; ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear ordú den sórt sin faoi réir grinnscrúdú éifeachtach ag cúirt nó ag eintiteas neamhspleách riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach, arb é is cuspóir don ghrinnscrúdú sin a fhíorú an ann do cheann de na cásanna sin agus an gcomhlíontar na coinníollacha agus na cosaintí nach mór foráil a dhéanamh dóibh agus i gcás nach n-eisítear an t-ordú seo ach ar feadh tréimhse ama atá teoranta go chun coireacht thromchúiseach a chomhrac

– chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n-ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

– chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse naisc idirlín ar feadh tréimhse atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis;

– chun críocha slándáil náisiúnta a choimirciú, coireacht a chomhrac agus slándáil phoiblí a chosaint, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le céannacht shibhialta úsáideoirí córas cumarsáide leictreonaí;

– chun críocha coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do dhul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse socraithe, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

– ós rud é go n-áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

    

____________

1 IO C 45, 10.02.2020