Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Apoio XXI – Centro de Apoio Psico-Pedagógico v EMCDDA

(Cás T-1150/23)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Apoio XXI – Centro de Apoio Psico Pedagógico Lda (Vila Nova de Gaia, an Phortaingéil) (ionadaí: J. Freitas Peixoto, Dlíodóir)

Cosantóir: An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh sa litir ó EMCDDA an 2 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní, lena ndámhtar an conradh poiblí de thoradh an nós imeachta soláthair phoiblí ‘FC.23.EXO.0010.2.0 - Coordination and provision of simultaneous interpretation services for the EMCDDA (Lot 1 & 2)’ do ONCALL - Europa Language Services SPRL, ar bhonn go ndéantar sárú leis ar Airteagal 167 agus mír 29(3) d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, de bhrí gur cuireadh as an áireamh an tairiscint arna rangú sa chéad áit agus gur dámhadh an conradh (ina dhá bheart) don iarratasóir;

an cinneadh sa litir ó EMCDDA an 2 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní, lena ndámhtar an conradh poiblí de thoradh an nós imeachta soláthair phoiblí ‘FC.23.EXO.0010.2.0 - Coordination and provision of simultaneous interpretation services for the EMCDDA (Lot 1 & 2)’ do ONCALL - Europa Language Services SPRL, ar bhonn Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 170(3) agus míreanna 31.2 agus 23.1 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais mar gheall ar easpa cúiseanna a lua leis dá bhrí gur ordaíodh an fhaisnéis agus an méid arna iarraidh a sholáthar;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú de dheasca tháillí an dlíodóra, ar costais iad atá le socrú níos déanaí toisc nach bhfuil siad cinnte ná socair faoi láthair.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 167 agus 170(1) agus mír 29.3 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (‘an Rialachán Airgeadais’), a mhéid, agus an méid á cur san áireamh ar sholáthair EMCDDA ar iarraidh an iarratasóra, nach bhféadfaí glacadh leis an tairiscint arna rangú sa chéad áit le haghaidh measúnú agus dámhachtain dá bhrí sin, mar gheall ar neamhchomhlíonadh na gcritéar roghnúcháin arna leagan amach sna doiciméid tairisceana.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 170(3) agus mír 31.2 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, ar cúiseanna gan bheith luaite leis an gcinneadh ó EMCDDA atá i gceist, a mhéid nár chuir EMCDDA ar fáil don iarratasóir, in ainneoin gur iarr sé iad, an fhaisnéis agus an méid riachtanach ionas go bhféadfadh sé a thuiscint an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar leis an tairiscint arna rangú sa chéad áit iomlán na mbuncheanglais, na gcritéir roghnúcháin agus na gcaighdeán cháilíochta dá bhforáiltear sna critéir dámhachtana, á thabhairt chun cuimhne gur cuireadh praghas isteach leis an tairiscint arna rangú sa chéad áit atá breis is 50 % níos ísle (le haghaidh an dá bheart) ná praghas na tairisceana arna chur isteach ag an iarratasóir, a bhí sa dara rang sa nós imeachta tairisceana thuasluaite.

____________