Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 21 Iúil 2023 ag Emmentaler Switzerland i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Bealtaine 2023 i gCás T-2/21, Emmentaler Switzerland v EUIPO

(Cás C-458/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Emmentaler Switzerland (ionadaithe: M. Pemsel agus M. Sonntag, Rechtsanwälte)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Centre national interprofessionnel de l’économie laitière (CNIEL)

Le hordú an 11 Deireadh Fómhair 2022, dhiúltaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________