Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Eanáir 2024 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection)
(Cás T-505/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection – Trádainm náisiúnta níos luaithe FANTASIA HOTELES – Foras coibhneasta le le neamhbhailíocht – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(4) agus Airteagal 53(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(4) agus Airteagal 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Levantur, SA (Murcia, an Spáinn) (ionadaithe: G. Marín Raigal, E. Armero Lavie, C. Caballero Pastor agus J. Oria Sousa-Montes, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas, J. Ivanauskas agus J. Crespo Carrillo, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Fantasia Hotels & Resorts, SL (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: J. Vicente Martínez agus J. Erdozain López, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Bealtaine 2022 ar neamhní (Cás R 1973/2020-1).
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean;
2. Ordaítear do Levantur, SA a chostais féin agus na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Fantasia Hotels & Resorts, SL, a íoc.
____________
1 IO C 380, 3.10.2022.