Language of document : ECLI:EU:C:2022:572

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

14 Iúil 2022 (*)

“Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Airteagal 5(2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Córas rialaithe astaíochtaí – Bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc sin – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 1999/44/CE – Díolachán agus ráthaíochtaí earraí tomhaltais – Airteagal 2(2)(d) – An coincheap ‘earraí a léiríonn an cháilíocht agus an fheidhmíocht is iondúil d’earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de bharr chineál na n‑earraí’ – Feithicil ag a bhfuil cineálcheadú CE – Airteagal 3(6) – An coincheap ‘mioneaspa comhréireachta’”

I gCás C‑145/20

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 17 Márta 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 24 Márta 2020, sna himeachtaí idir

DS

agus

Porsche Inter Auto GmbH & Co. KG,

Volkswagen AG,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Ziemele, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič J.‑C. Bonichot, F. Biltgen, P.G. Xuereb (Rapóirtéir), N. Piçarra agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        DS, ag M. Poduschka, Rechtsanwalt,

–        Porsche Inter Auto GmbH & Co KG agus Volkswagen AG, ag H.. Gärtner, F. Gebert, F. Gonsior, C. Harms, N. Hellermann, F. Kroll, M. Lerbinger, S. Lutz-Bachmann, L.‑K. Mannefeld, K.‑U. Opper, H. Posser, J. Quecke, K. Schramm, P. Schroeder, W. F. Spieth, J. von Nordheim, K. Vorbeck, B. Wolfers agus B. Wollenschläger, Rechtsanwälte,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus D. Klebs, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag M. Huttunen, M. Noll-Ehlers agus N. Ruiz García, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léirmhíniú ar Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1) agus ar Airteagail 2(2)(d) agus 3(6) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO 1999 L 171, lch. 12).

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir DS agus Porsche Inter Auto GmbH & Co. KG agus Volkswagen AG maidir le hiarraidh ar chealú conartha díolacháin a bhaineann le mótarfheithicil atá feistithe le bogearraí a laghdaíonn an t‑athshruthú gáis truailleán ón bhfeithicil sin de réir, go háirithe, na teochta a bhraitear.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 1999/44

3        Rinneadh Treoir 1999/44 a aisghairm le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO 2019 L 136, lch. 28), le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíoras na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag Treoir 1999/44 maidir leis na príomhimeachtaí sin.

4        Luadh an méid seo a leanas in aithrisí 1 agus 10 go 12 de Threoir 1999/44:

“(1)      de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 153(1) agus (3) [CE] go n‑áiritheoidh an Comhphobal ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí bhíthin na mbeart a ghlacann sé de bhun Airteagal 95 [CE];

[...]

(10)      de bhrí, sa chás nach bhfuil an t‑earra i gcomhréir leis an gconradh, nach mór go mbeadh an ceart ag na tomhaltóirí go gcuirfí an t‑earra i gcomhréir leis an gconradh in athuair, saor in aisce, agus an rogha a bheith acu idir deisiú agus athsholáthar, nó, ina éagmais sin, nach mór go mbeadh an ceart acu go ndéanfaí an praghas a laghdú nó go gcuirfí an conradh ar ceal;

(11)      de bhrí, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaidh an tomhaltóir a cheangal ar an díoltóir an t‑earra a dheisiú nó earra eile a athsholáthar, fad is nach bhfuil na leigheasanna sin dodhéanta nó díréireach; nach mór a chinneadh cé chomh díréireach is atá na leigheasanna go hoibiachtúil; go mbeadh leigheas díréireach má ghearrtar, i gcomparáid leis an leigheas eile, costais mhíréasúnta ina leith; nach foláir, chun a mheas go bhfuil na costais míréasúnta, do na costais sin a bheith i bhfad níos airde ná costais an leighis eile;

(12)      de bhrí, i gcás easpa comhréireachta, go bhféadfaidh an díoltóir i gcónaí, mar shocrú cairdiúil, pé leigheas atá ar fáil a thairiscint don tomhaltóir; gur faoin tomhaltóir atá sé cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh sé leis an togra sin nó an ndiúltóidh sé dó”.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráladh mar a leanas in Airteagal 1(2)(f) den Treoir sin:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(f) ciallaíonn ‘deisiú’, i gcás easpa comhréireachta, an t‑earra tomhaltais a chur i gcomhréir leis an gconradh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le míreanna 1 go 3 d’Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Comhréireacht leis an gconradh”, mar a leanas:

“1.      Dlitear den díoltóir earra atá i gcomhréir leis an gconradh díolacháin a sholáthar don tomhaltóir.

2.      Toimhdeofar go bhfuil an t‑earra tomhaltais i gcomhréir leis an gconradh:

(a)      más rud é go bhfuil sé ag teacht leis an tuairisc arna tabhairt ag an díoltóir agus go bhfuil aige tréithe an earra arna thíolacadh ag an díoltóir don tomhaltóir le sampla nó le samhail;

(b)      más rud é go n‑oireann sé d’aon fheidhm ar leith dá bhfuil sé ag teastáil ag an tomhaltóir agus a chur sé in iúl don díoltóir agus an conradh á thabhairt i gcrích agus lena ghlac an díoltóir;

(c)      más rud é go n‑oireann sé do na feidhmeanna dá n‑úsáidtear earraí den chineál sin de ghnáth;

(d)      má léiríonn sé an cháilíocht agus an fheidhmíocht is iondúil d’earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de bharr chineál na n‑earraí agus, de réir mar a bheidh, ag tabhairt dearbhuithe poiblí atá déanta ag an díoltóir, ag an táirgeoir nó ag a ionadaí maidir le tréithe nithiúla an earra, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú, san áireamh.

3.      Measfar nach bhfuil ann don easpa comhréireachta de réir bhrí an Airteagail seo sa chás inarb eol don tomhaltóir, agus an conradh á chur i gcrích, gurb ann don easpa comhréireachta sin nó nach bhféadfadh sé go réasúnta a bheith neamheolach ar an easpa sin, nó sa chás ina bhfuil an easpa comhréireachta sin bunaithe ar na hábhair a chuir an tomhaltóir ar fáil.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Seo a leanas foclaíocht Airteagal 3, dar teideal “Cearta an tomhaltóra”, den Treoir sin:

“1.      Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir i leith aon easpa comhréireachta atá ann an tráth a seachadadh na hearraí.

2.      I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith tugtha chun comhréireachta saor in aisce trí dheisiú nó trí athsholáthar, i gcomhréir le mír 3, nó laghdú iomchuí a fháil ar an bpraghas nó an conradh a chur ar ceal maidir leis na hearraí sin, i gcomhréir le míreanna 5 agus 6.

3.      Sa chéad áit, beidh an tomhaltóir i dteideal ceangal a chur ar an díoltóir an t‑earra a dheisiú nó a athsholáthar, saor in aisce i gceachtar cás, fad is nach bhfuil a leithéid dodhéanta nó díréireach.

Measfar leigheas a bheith díréireach i gcás ina ngearrtar costais ar an díoltóir atá, i gcomparáid leis an leigheas malartach, míréasúnta ag tabhairt san áireamh:

–        an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann,

–        cé chomh mór is atá an easpa comhréireachta,

agus

–        an bhféadfaí an leigheas malartach a chur i bhfeidhm gan cur isteach go mór ar an tomhaltóir.

Cuirfear aon deisiú nó athsholáthar i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gan cur isteach go mór ar an tomhaltóir, agus cineál na n‑earraí agus an chríoch dá bhfuil siad ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

4.      Is éard atá i gceist leis an téarma ‘saor in aisce’ i míreanna 2 agus 3 ná na costais a thabhófar de riachtanas chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe na táillí postais agus costais an tsaothair agus na n‑ábhar.

5.      Féadfaidh an tomhaltóir a cheangal go ndéanfaí laghdú iomchuí ar an bpraghas nó go gcuirfí an conradh ar ceal:

–        mura ndlitear don tomhaltóir go ndéanfar an t‑earra a dheisiú nó a athsholáthar,

–        mura bhfuil an leigheas curtha i bhfeidhm ag an díoltóir laistigh de thréimhse ama réasúnta

–        mura bhfuil an leigheas curtha i bhfeidhm gan cur isteach go mór ar an tomhaltóir.

6.      Ní dhlífear don tomhaltóir a iarraidh go gcuirfí an conradh ar ceal murab ann ach mioneaspa comhréireachta.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán Uimh. 715/2007

8        De réir aithrisí 1 agus 4 go 7 de Rialachán Uimh. 715/2007:

“(1)      [...] ba chóir na riachtanais theicniúla a bhaineann le comhchinealú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh riachtanais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile agus chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.

[...]

(4)      [...] [Is] gá tuilleadh laghduithe a dhéanamh ar astaíochtaí ó earnáil an iompair (aeriompar, muiriompar agus iompar ar tír), ó theaghlaigh agus ó earnálacha an fhuinnimh, na talmhaíochta agus an tionscail chun cuspóirí cáilíochta aeir an AE a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba chóir tabhairt faoi astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú mar chuid de straitéis fhoriomlán. Tá caighdeáin Euro 5 agus 6 ar cheann de na bearta a ceapadh chun astaíochtaí ábhair cháithnínigh agus réamhtheachtaithe ózóin ar nós ocsaídí nítrigine agus hidreacarbón a laghdú ag céim luath.

(5)      Chun cuspóirí cáilíochta aeir AE a bhaint amach, beidh gá le hiarracht leanúnach astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú. [...]

(6)      Is gá, go háirithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine ó fheithiclí díosail chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha truaillithe a chomhlíonadh. [...]

(7)      Agus caighdeáin astaíochta á leagan amach, tá sé tábhachtach go gcuirfí san áireamh na himpleachtaí do mhargaí agus d’iomaíochas déantóirí, na costais dhíreacha agus indíreacha a chuirtear ar ghnó agus na buntáistí a charntar ó thaobh nuálaíocht a spreagadh, cáilíocht an aeir a fheabhsú, costais sláinte a laghdú agus ionchas saoil a mhéadú, mar aon leis na himpleachtaí a bhaineann leis an tionchar foriomlán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin.”

9        Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin:

“Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna teicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí (‘feithiclí’) agus páirteanna athsholáthair, ar nós feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, i dtaca lena n‑astaíochtaí.”

10      Luaitear an méid seo a leanas i bpointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha a bheart cur chun feidhme, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

10)      ciallaíonn ‘feiste s[h]áraithe’ aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

11      Seo a leanas Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán sin:

“1.      Léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme. Léireoidh déantóirí chomh maith go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

2.      Cinnteoidh déantóirí go gcomhlíonfar nósanna imeachta cineálcheadaithe chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Chomh maith leis sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí sceithphíopa agus galaithe, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. [...]

[...]”

12      Foráiltear le hAirteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007:

“1.      Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna deartha, déanta agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.      Toirmiscfear úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

(a)      i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t‑inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n‑oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

(b)      i gcás nach n‑oibreoidh an fheiste ach chun críocha an t‑inneall a dhúiseacht,

(c)      i gcás ina bhfolófar go suntasach sna nósanna imeachta tástála coinníollacha chun astaíochtaí galaithe agus meánastaíochtaí ó sceithphíopaí a fhíorú.”

13      Leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, dar teideal “Teorainneacha astaíochtaí”, inter alia na luachanna teorantacha le haghaidh astaíochta ocsaíde nítrigine (NOx).

 Rialachán Uimh. 692/2008

14      Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 715/2007 (IO 2008 L 199, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 566/2011 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2011 (IO 2011 L 158, lch. 1) (“Rialachán Uimh. 692/2008”). Ón 1 Éanáir 2022, rinneadh Rialachán Uimh. 692/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 715/2007, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán Uimh. 692/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 692/2008 (IO 2017 L 175, lch. 1). Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíoras na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag Rialachán Uimh. 692/2008 maidir leis na príomhimeachtaí sin.

15      Foráiltear le hAirteagal 10 de Rialachán Uimh. 692/2008, dar teideal “Bearta chun truailliú a chomhrac”, i mír 1:

“Áiritheoidh an déantóir go mbeidh cineálcheadú CE faighte ag feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a bhfuil cineálcheadú CE faighte acu agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 mar aonad teicniúil ar leith de réir bhrí Airteagal 10(2) de Threoir 2007/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí, a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1)], i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 agus le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur feistí rialaithe truaillithe iad tiontairí catalaíocha agus scagairí cáithníní.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008, dar teideal “Forálacha riaracháin do chineálcheadú CE”, i bpointe 3.3, dar teideal “Síntí a bhaineann le marthanacht feistí rialaithe truaillithe (Tástáil Chineál 5)”

“3.3.1.      Leathnófar an cineálcheadú chuig cineálacha éagsúla feithiclí, ar choinníoll gurb ionann na paraiméadair feithicle, innill nó córais rialaithe truaillithe a shonraítear thíos nó go bhfanfaidh siad laistigh de na lamháltais fhorordaithe:

3.3.1.1.      Feithicil:

[...]

3.3.1.2.      Inneall:

[...]

3.3.1.3.      Paraiméadair an chórais rialaithe truaillithe:

(a)      Tiontairí catalaíocha agus scagairí cáithníní:

[...]

[...]

(c)      AGS (athshruthú gáis sceite)

le nó gan

cineál (fuaraithe nó neamhfhuaraithe, rialú gníomhach nó éighníomhach, ardbhrú nó brú íseal).

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2007/46

17      Rinneadh Treoir 2007/46, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1229/2012 ón gCoimisiún, an 10 Nollaig 2012 (IO 2012 L 353, lch. 1) (“an Treoir 2007/46”) a aisghairm le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO 2018 L 151, lch. 1), le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2020. Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíoras na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag an Treoir sin maidir leis na príomhimeachtaí sin.

18      De réir aithris 3 den Treoir sin:

“Ba cheart na ceanglais theicniúla maidir le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh agus feithiclí a chomhchuibhiú agus a leagan síos i ngníomhartha rialála. Ní foláir nó go bhféachtar leis na ceanglais seo ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre, cosaint sláinte agus comhshaoil, éifeachta fuinnimh, agus cosaint ar úsáid neamhúdaraithe a áirithiú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19      Leagadh amach in Airteagal 1, dar teideal “Cuspóir”, den Treoir sin:

“Bunaítear leis an Treoir seo creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir le gach feithicil nua laistigh dá raon feidhme a cheadú agus maidir leis na córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh na feithiclí sin a cheadú, le háis a gcláraithe, a ndíol agus a gcur i seirbhís laistigh den Chomhphobal.

[...]

Déanfar ceanglais theicniúla shonracha maidir le déanamh agus feidhmiú feithiclí a leagan síos i gcur i bhfeidhm na Treorach seo i ngníomhartha rialála, a bhfuil a liosta uileghabhálach leagtha amach in Iarscríbhinn IV.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

20      Foráladh i míreanna 5 agus 36 d’Airteagal 3, dar teideal “Sainmhínithe”, de Threoir 2007/46:

“Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na ngníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt iontu, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

5.      Ciallaíonn ‘cineálcheadú CE’ an nós imeachta trína ndeimhníonn Ballstát go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha na Treorach seo agus na ngníomhartha rialála atá liostaithe in Iarscríbhinn IV nó XI;

[...]

36.      Ciallaíonn ‘deimhniú comhréireachta’ an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, arna eisiúint ag an déantóir, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann feithicil ar den tsraith den chineál arna fhormheas faoin Treoir seo í, gach gníomh rialála tráth a táirgthe”.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

21      Foráladh le hAirteagal 4, dar teideal “Oibleagáidí na mBallstát”, den Treoir sin:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh déantóirí atá ag iarraidh cineálcheadú na n-oibleagáidí a cheanglaítear orthu de réir na Treorach seo.

2.      Ní cheadóidh na Ballstáit ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leithligh sin a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo.

3.      Ní dhéanfaidh na Ballstáit ach feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo a chlárú ná a údarú chun iad a dhíol nó a chur i seirbhís.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

22      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 8(6) den Treoir sin:

“Cuirfidh an t‑údarás formheasa a chinneadh lenar dhiúltaigh sé cineálcheadú a thabhairt d’fheithicil nó lenar chuir sé cineálcheadú ar ceal chomh maith leis na cúiseanna leis an gcinneadh sin in iúl dá leathbhric sna Ballstáit eile gan mhoill.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

23      De réir Airteagal 13(1) den Treoir chéanna:

“Cuirfidh an déantóir aon leasú maidir leis an bhfaisnéis sa phacáiste faisnéise in iúl gan mhoill don Bhallstát a dheonaigh an cineálcheadú. Cinnfidh an Ballstát sin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, an nós imeachta atá le leanúint. Más gá, féadfaidh an Ballstát a chinneadh, i gcomhairle leis an déantóir, go ndeonófar cineálcheadú CE nua.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

24      Sonraíodh le hAirteagal 18 de Threoir 2007/46, dar teideal “Deimhniú comhréireachta”, i mír 1:

“Eiseoidh an déantóir, ina cháil mar shealbhóir de chineálcheadú feithicle, deimhniú comhréireachta a bheidh ag gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, arna déanamh i gcomhréir leis an gcineál feithicle ceadaithe.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

25      Foráladh in Airteagal 26 den Treoir sin, dar teideal “Feithiclí a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís”, i mír 1:

“Gan dochar d’fhorálacha Airteagail 29 agus 30, ní chláróidh na Ballstáit feithiclí agus ní cheadaítear iad a dhíol ná a chur i seirbhís ach amháin má tá deimhniú bailí comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 ag gabháil leo.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

26      Is éard atá i gceist le Cuid I dar teideal “Gníomhartha rialála maidir le cineálcheadú CE feithiclí a tháirgtear i sraitheanna neamhtheoranta” d’Iarscríbhinn IV, dar teideal “Liosta de cheanglais chun críocha chineálcheadú CE feithiclí”, den Treoir sin ná Rialachán Uimh. 715/2007 a mhéid a bhaineann le “hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma tráchtála (Euro 5 agus Euro 6)/rochtain ar fhaisnéis”.

 Dlí na hOstaire

27      Foráiltear le hAirteagal 922(1) den Allgemeines bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta Ginearálta, “ABGB”), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí:

“Ráthaíonn duine a thugann rud éigin ar chomaoin do dhuine eile go bhfuil an rud i gcomhréir leis an gconradh. Uime sin, eisean atá freagrach as a áirithiú go bhfuil an rud sin den chineál a sonraíodh nó a mbítear ag súil de ghnáth leis, go bhfuil sé ag teacht leis an tuairisc air, le sampla nó le samhail, agus go n‑oireann sé don fheidhm a sonraíodh nó don fheidhm a thagann leis an gconradh.”

28      Foráiltear le hAirteagal 932(1) agus (4) de ABGB:

“(1)      I gcás easpa comhréireachta, d’fhéadfadh an faighteoir a iarraidh go ndéanfar feabhas air (deisiú nó an rud in easnamh a sholáthar), go ndéanfar é a athsholáthar, go ndéanfar laghdú iomchuí ar an gcomaoin (an praghas a laghdú) nó go ndéanfar an conradh a chur ar ceal (cealú).

[...]

(4)      Má tá sé dodhéanta feabhas a chur ar an rud nó é a athsholáthar nó má bhíonn costais dhíréireacha mar thoradh air sin ar an soláthróir, beidh an faighteoir i dteideal laghdú ar an bpraghas nó, murab ann ach mioneaspa comhréireachta, cealú. [...]”

 Dlí na Gearmáine

29      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 25(2) den Verordnung über die EG-Genehmigung für Kraftfahrzeuge und ihre Anhänger sowie für Systeme, Bauteile und selbständige technische Einheiten für diese Fahrzeuge (EG-Fahrzeuggenehmigungsverordnungs) [Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí, a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí), “EG-FGV”]:

“Féadfaidh an Kraftfahrt‑Bundesamt forálacha coimhdeacha a fhorchur go cúlghabhálach chun aon locht atá sainaitheanta a leigheas agus chun comhréireacht feithiclí atá ar an margadh cheana, aonaid theicniúla ar leithligh nó comhpháirteanna a áirithiú.”

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

30      An 21 Nollaig 2013, cheannaigh DS, tomhaltóir, feithicil den bhranda Volkswagen feistithe le hinneall díosail de chineál EA 189 de ghlúin Euro 5 ó Porsche Inter Auto, ar díoltóir gluaisteáin neamhspleách de Volkswagen é.

31      Bhí an fheithicil sin feistithe le bogearraí lena gcuireadh an córas athsruthaithe gáis sceite ag obair trí dhá mhód (“córas lasctha”). Níor cuireadh an chéad mhód ar siúl ach amháin le linn na tástála formheasa sa tsaotharlann, ar a dtugtar “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (New European Driving Cycle, “NEDC”). B’airde an ráta lena ndearnadh an gás sceite a athshruthú sa mhód sin ná sa dara mód, a cuireadh ar siúl i bhfíorchoinníollacha tiomána. Rinne Kraftfahrt‑Bundesamt (Oifig Chónaidhme um Thrácht Mótarfheithiclí, an Ghearmáin; “KBA”), arb é an t‑údarás inniúil cineálcheadaithe sa Ghearmáin, an cineál feithicle i gceist a chineálcheadú. Níor nochtadh don údarás sin gurbh ann don chóras lasctha.

32      Is léir ón ordú tarchuir nach ndéanfadh KBA, dá mbeadh eolas aige faoin gcóras sin, an cineál sin feithicle a chineálcheadú. Is léir chomh maith go gceannódh DS an fheithicil i gceist fiú dá mbeadh sé ar an eolas faoin gcóras sin.

33      Le cinneadh an 15 Deireadh Fómhair 2015, arna ghlacadh de bhun Airteagal 25(2) de EG-FGV, d’ordaigh KBA do Volkswagen fáil réidh leis an gcóras lasctha chun innill de chineál EA 189 de ghlúin Euro 5 a thabhairt chun comhréireachta le Rialachán Uimh. 715/2007 in athuair. Le litir dar dáta an 20 Nollaig 2016, chuir KBA in iúl do Volkswagen go n‑oirfeadh an nuashonrú ar na bogearraí dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo (“nuashonrú na mbogearraí”) chun an chomhréireacht sin a chruthú in athuair. Ní dhearna KBA an cineálcheadú CE feithicle i gceist a chúlghairm nó a tharraingt siar ina dhiaidh sin.

34      An 15 Feabhra 2017, rinne DS na bogearraí ar a fheithicil a nuashonrú. Leis an nuashonrú sin, cuireadh clár, trína gcuirtear an mód lena laghdaítear astaíochtaí ar siúl ní hamháin le linn na tástála formheasa dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, ach sa chás ina mbaintear úsáid as an bhfeithicil ar an mbóthar freisin, in ionad an chórais lasctha. Ní raibh lánéifeacht ag an athshruthú gáis sceite, áfach, ach amháin sa chás ina mbíodh teocht lasmuigh idir 15 chéim Celsius agus 33 chéim Celsius (“an fhuinneog theochta”).

35      Thug DS caingean os comhair Landesgericht Linz (Cúirt Réigiúnach, Linz, an Ostair) chun, go príomha, aisíoc phraghas ceannaigh na feithicle i gceist a fháil ar thabhairt ar ais na feithicle nó, mar mhalairt air sin, laghdú ar phraghas na feithicle nó, mar mhalairt eile fós, cinneadh go bhfuil Porsche Inter Auto agus Volkswagen faoi dhliteanas as na damáistí atá ann de thoradh ar fheiste sháraithe neamhdhleathach de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 a bheith ann.

36      Le breithiúnas an 12 Nollaig 2018, rinne an chúirt sin an chaingean a dhíbhe.

37      Le breithiúnas an 4 Aibreán 2019, dheimhnigh Oberlandesgericht Linz (Ard-Chúirt Réigiúnach, Linz, an Ostair) an breithiúnas sin.

38      Rinne DS achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair) ar an bhforas go raibh fabht san fheithicil i gceist ós rud é gurb ionann an córas lasctha agus feiste sháraithe neamhdhleathach, de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007. Dar le DS, ó tharla nár réitíodh an fabht sin le nuashonrú na mbogearraí, bhí an baol ann go gcaillfeadh an fheithicil a luach agus go mbainfí damáistí di de thoradh ar an nuashonrú sin.

39      Áitíonn Porsche Inter Auto agus Volkswagen gur feiste sháraithe dhleathach i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 an fhuinneog theochta. Tá KBA ar an intinn chéanna.

40      Measann an chúirt a rinne an tarchur gur feiste sháraithe neamhdhleathach é an córas lasctha de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007. Tá fabht, de réir bhrí Airteagal 922 de ABGB, san fheithicil i gceist ach go háirithe, ar an bhforas nár nochtadh do KBA gurbh ann don fheiste sháraithe sin.

41      Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt sin, i bhfianaise na hoibleagáide feithicil a sheachadadh gan feiste sháraithe dá leithéid, an raibh easpa comhréireachta, de réir bhrí Threoir 1999/44, san fheithicil sin. Dar léi, dá mba rud é gurbh amhlaidh a bhí, bheadh gá measúnú a dhéanamh an raibh feiste sháraithe neamhdhleathach fós san fheithicil tar éis nuashonrú na mbogearraí lena gcuirtear an córas athsruthaithe gáis sceite ag obair agus bheadh gá na hiarmhairtí dlíthiúla a shoiléiriú sa chás ina bhfuil an fabht den sórt sin fós ann tar éis nuashonrú na mbogearraí.

42      Le bheith cruinn faoi, ar an gcéad dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, cé go bhfuil cineálcheadú ag an bhfeithicil i gceist, i gcás ina bhfuil an fheithicil sin feistithe le feiste sháraithe nach bhfuil a húsáid ceadaithe de bhun phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, an ionann an fheithicil sin agus earra den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de réir Airteagail 2(2)(d) de Threoir 1999/44 agus an gcaithfear, mar sin, a thoimhdiú go bhfuil sé i gcomhréir leis an gconradh. I ndáil leis sin, tá an chúirt sin den tuairim, maidir le táirge, ar nós feithicle, nach mór ceanglais rialála a chomhlíonadh, go mbíonn coinne a bheag nó a mhór ag an ngnáththomhaltóir atá measartha feasach agus measartha géarshúileach agus feifeach go n‑urramófar na ceanglais sin. Ní gá gur toirmeasc ar an léamh sin ar Airteagal 2(2)(d) é nach mór na feithiclí a chineálcheadú.

43      Ar an dara dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir leis an bhfuinneog theochta teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, ar a bhraitheann Porsche Inter Auto agus Volkswagen, nó an n‑eisiatar sin ach go háirithe, mar a áitíonn DS. I ndáil leis sin, áitíonn an chúirt sin, i bhfianaise chuspóir na cosanta comhshaoil a eascraíonn as aithrisí 1 agus 6 de Rialachán Uimh. 715/2007, nach mór léirmhíniú docht a dhéanamh ar na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(2). De réir na cúirte sin, mar is eol don saol mór gur níos lú ná 15 chéim Celsius an mheánteocht ar feadh roinnt míonna in aghaidh na bliana i gcuid de chríoch an Aontais, lena n‑áirítear an Ostair, ní bhaintear amach, ar an meán, an teocht lasmuigh ag a bhfuil lánéifeacht ag an athshruthú gáis sceite d’fheithicil ar nós an ceann i dtrácht sna príomhimeachtaí le linn cuid mhór den bhliain. Sna himthosca sin, is dealraitheach nach bhféadfaí údar a thabhairt, le ceann de na heisceachtaí sin, le feiste sháraithe a bhíonn ag oibriú chomh minic sin.

44      Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir caitheamh leis mar mhioneaspa comhréireachta de réir bhrí Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 más ann, i bhfeithicil, d’fheiste sháraithe, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) den Rialachán sin, fad is go gceannódh an tomhaltóir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil.

45      Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“1.      An gcaithfear Airteagal 2(2)(d) de Threoir [1999/44] a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil an cháilíocht ag mótarfheithicil, a thagann faoi réim feidhme [Rialachán 715/2007], atá de ghnáth ag earra den chineál céanna agus lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta i gcás ina bhfuil an fheithicil sin feistithe le feiste sháraithe neamhdhleathach de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, ach ina bhfuil cineálcheadú CE bailí ag an bhfeithicil ar aon nós agus ina bhféadfaí, dá bhrí sin, an fheithicil a úsáid ar an mbóthar?

2.      An gcaithfear Airteagal 5(2)(a) de Rialachán 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go bhféadfadh feiste sháraithe, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, atá deartha sa chaoi nach bhfuil an t‑athshruthú gáis sceite ag feidhmiú go hiomlán lasmuigh den tástáil saotharlainne agus, mar sin, i bhfíorchoinníollacha tiomána ach má tá an teocht lasmuigh [den fhuinneog theochta], a bheith ceadaithe faoin Airteagal sin, nó an n‑eisiatar cur i bhfeidhm na forála eisiata sin ach go háirithe toisc amháin go bhfuil lánéifeacht an chórais athshruthaithe gáis sceite faoi theorainn coinníollacha nach bhfuil ann, i gcuid de chríoch an Aontais, ach tuairim is sé mhí in aghaidh na bliana?

3.      An gcaithfear Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach mór caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe neamhdhleathach de bhun phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, arna chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin, a bheith ann, san fheithicil, mar mhioneaspa comhréireachta, de réir bhrí na forála sin, más rud é go gceannódh an ceannaitheoir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil ar aon nós?

 Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

 An chéad cheist

46      Lena céad ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(2)(d) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an cháilíocht ag mótarfheithicil, a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 715/2007, a bhíonn de ghnáth ag earraí den chineál céanna agus lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta agus nach mór, dá bhrí sin, a thoimhdiú go bhfuil sé i gcomhréir leis an gconradh díolacháin ag a bhfuil sé ina ábhar de, má tá an fheithicil sin, cé go bhfuil cineálcheadú CE bailí aici agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, an fheithicil a úsáid ar an mbóthar, feistithe le feiste sháraithe nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

47      Dlitear le hAirteagal 2(1) de Threoir 1999/44 den díoltóir earraí atá i gcomhréir leis an gconradh díolacháin a sholáthar don tomhaltóir.

48      De réir Airteagal 2(2)(d) den Treoir sin, toimhdeofar go bhfuil earra tomhaltais i gcomhréir leis an gconradh má léiríonn sé an cháilíocht agus an fheidhmíocht is iondúil d’earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de bharr, go háirithe, chineál na n‑earraí.

49      Maidir le hearra amhail an t‑earra atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon, mótarfheithicil, ní mór a thabhairt chun cuimhne go sainmhínítear “cineálcheadú CE” in Airteagal 3(5) de Threoir 2007/46 mar “an nós imeachta trína ndeimhníonn Ballstát go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha na Treorach seo agus na ngníomhartha rialála atá liostaithe in Iarscríbhinn IV nó XI”. Is éard atá i gceist le Cuid I dar teideal “Gníomhartha rialála maidir le cineálcheadú CE feithiclí a tháirgtear i sraitheanna neamhtheoranta” d’Iarscríbhinn IV, dar teideal “Liosta de cheanglais chun críocha chineálcheadú CE feithiclí”, den Treoir sin ná Rialachán Uimh. 715/2007 a mhéid a bhaineann le “hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma tráchtála (Euro 5 agus Euro 6)/rochtain ar fhaisnéis”.

50      Ní mór a choinneáil i gcuimhne freisin go leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) den Treoir sin nach ndeánfaidh na Ballstáit ach feithiclí atá i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin a chlárú nó a údarú chun iad a dhíol nó a chur i seirbhís.

51      Faoi dheireadh, foráiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 715/2007 go léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena bhearta cur chun feidhme.

52      Leanann as na forálacha dá dtagraítear i míreanna 49 go 51 den bhreithiúnas seo, de pháirt amháin, nach mór do na feithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2007/46 a bheith cineálcheadaithe agus, de pháirt eile, nach bhféadfaí an cineálcheadú seo a dheonú ach amháin má gcomhlíonann an cineál feithicle i gceist forálacha Rialachán Uimh. 715/2007, go háirithe iadsan a bhaineann le hastaíochtaí, lena n‑áirítear Airteagal 5 den Rialachán sin.

53      Thairis sin, de réir Airteagal 18(1) de Threoir 2007/46, déanfaidh an déantóir, ina cháil mar shealbhóir de chineálcheadú feithicle, deimhniú comhréireachta a eisiúint a bheidh ag gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, arna déanamh i gcomhréir leis an gcineál feithicle cineálcheadaithe. I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, tá an deimhniú sin éigeantach chun críocha feithicil a chlárú agus a dhíol nó a chur i seirbhís.

54      Sa chás ina bhfaigheann sé feithicil de chuid na sraithe feithicle cineálcheadaithe a bhfuil, uime sin, deimhniú comhréireachta ag gabháil léi, d’fhéadfadh coinne réasúnta a bheith ag tomhaltóir go gcomhlíontar Rialachán Uimh. 715/2007 agus, go háirithe, Airteagal 5 de maidir leis an bhfeithicil sin, fiú mura bhfuil aon fhorálacha conarthacha sonracha ann.

55      Uime sin, ní mór Airteagal 2(2)(d) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach léiríonn feithicil nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 5 an cháilíocht ná an fheidhmíocht is iondúil d’earra den chineál ceanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leo de bharr chineál an earra sin, de réir bhrí Airteagal 2(2)(d).

56      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 149 dá Thuairim, ní thugtar an léirmhíniú seo faoi cheist toisc go bhfuil cineálcheadú ag an gcineál feithicle lena mbaineann, lena gceadaítear úsáid a bhaint as an bhfeithicil sin ar an mbóthar. Go deimhin, déantar foráil le Treoir 2007/46 maidir leis an gcás nach bhfaightear amach go bhfuil gné dearthóireachta feithicle neamhdhleathach, i bhfianaise cheanglais Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 715/2007 mar shampla, go dtí tar éis cineálcheadú a bheith faighte cheana aici. Dá bhrí sin, foráiltear in Airteagal 8(6) den Treoir sin go bhféadfaidh an t‑údarás ceadaithe an cineálcheadú feithicle a chur ar ceal. Ina theannta sin, tugtar le tuiscint ón gcéad agus ón tríú habairt d’Airteagal 13(1) den Treoir sin go bhféadfaidh, más gá, Ballstát a chinneadh, i gcomhairle leis an déantóir, nach mór cineálcheadú CE nua a dheonú i gcás ina gcuirfidh an déantóir aon leasú maidir leis an bhfaisnéis sa phacáiste faisnéise in iúl don Bhallstát a dheonaigh an cineálcheadú.

57      Is cosúil gurb amhlaidh an scéal sa chás seo ós rud é gur léir ón gcinneadh tarchuir gur thug KBA cineálcheadú don chineál feithicle i gceist ar dtús gan é a bheith nochta dó gurb ann do chóras lasctha. Is léir ón gcinneadh sin freisin, dá mbeadh KBA ar an eolas faoin gcóras sin, nach dtabharfadh sé cineálcheadú CE don chineál sin feithicle.

58      Mar sin, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 2(2)(d) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach léiríonn mótarfheithicil, a thagann faoi réim feidhme Rialachán Uimh. 715/2007, an cháilíocht is iondúil in earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta i gcás ina bhfuil an fheithicil sin, cé go bhfuil cineálcheadú CE bailí aici agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, í a úsáid ar an mbóthar, feistithe le feiste sháraithe nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

 An dara ceist

59      Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go bhféadfaí leis an Airteagal sin údar a thabhairt do fheiste sháraithe nach n‑áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantachta astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán sin ach amháin san fhuinneog theochta agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil lánéifeacht ag an athshruthú ach ar feadh tuairim is sé mhí in aghaidh na bliana.

60      Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, tá toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Mar sin féin, tá trí eisceacht ón toirmeasc sin, lena n-áirítear an toirmeasc sin in Airteagal 5(2)(a), eadhon, “i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte”.

61      A mhéid a leagtar síos leis an bhforáil sin eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí, ní mór í a léirmhíniú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 111 agus 112).

62      Maidir leis an gcoincheap “inneall”, ar an gcéad dul síos, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 118 agus 119 dá Thuairim, déantar idirdhealú sainráite idir an t‑inneall agus an córas rialaithe truaillithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008. Tá na ceanglais a bhaineann leis an “[i]nneall” leagtha amach i bpointe 3.3.1.2 den Iarscríbhinn sin, agus tá na ceanglais a bhaineann le “[p]araiméadair an chórais rialaithe truaillithe” leagtha amach i bpointe 3.3.1.3 den Iarscríbhinn sin. Áirítear go sainráite sa phointe deireanach sin, faoi a) agus c), na scagairí cáithníní agus athshruthú an gháis sceite. Thairis sin, de réir an dara fomhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán sin, chun críocha an Rialacháin sin, caithfear le scagairí cáithníní mar fheistí rialaithe truaillithe.

63      Dá bhrí sin, is comhpháirteanna innill ar leith iad an chomhla AGS, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníní díosail, ar dearadh, dar le Porsche Inter Auto, an fhuinneog theochta chun iad a chosaint. Tá an chomhla AGS suite ag asraon an innill, tar éis an ilphíobáin sceite. Nuair a osclaíonn an chomhla seo, ligeann sé do na gáis sceite dul tríd an ilphíobán iontógála chun iad a dhó den dara huair agus iad a fhuarú le malartóir teasa, an malartóir AGS. Leis an scagaire cáithníneach, atá suite roimh an bpíopa sceite, déantar an t‑aer a scagadh chun mínábhar cáithníneach truaillithe a bhailiú.

64      Ina dhiaidh sin, maidir leis na coincheapa “tionóisc” agus “damáistí” in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, d’fhonn údar a bheith leis i gcomhréir leis an bhforáil sin, nach mór go mbeifí in ann, le feiste sháraithe lena laghdaítear éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí, an t‑inneall a chosaint i gcoinne damáiste thobainn agus eisceachtúil (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 109).

65      Dá bhrí sin, ní féidir, in aon chás, breathnú ar luchtú agus aosú an innill mar “thionóisc” nó “damáiste” de réir bhrí na forála sin, ós rud é, i bprionsabal, go bhfuil na teagmhais sin intuartha agus intuigthe i ngnáthoibriú feithicle [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 110].

66      Tacaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007 leis an léirmhíniú sin, a bhfuil sé mar chuspóir aige ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, rud a chiallaíonn nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach i gcaitheamh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí. An toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5(2) den Rialachán sin, ní bheadh brí leis agus bhainfí aon éifeacht phraiticiúil de dá mbeadh údarás ag déantóirí mótarfheithiclí a fheistiú le feistí sáraithe den sórt sin chun an t‑inneall a chosaint ar luchtú agus ar aosú, agus chun na críche sin amháin [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 113].

67      Ní féidir, dá bhrí sin, ach na rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall amháin, as a n‑eascródh contúirt shonrach agus feithicil á tiomáint, údar cuí a thabhairt le feiste sháraithe a úsáid faoi Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

68      Ní thugtar an léirmhíniú ar an téarma “damáiste” a thug an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail) (C‑693/18, EU:C:2020:1040) faoi cheist le hargóint Rialtas na Gearmáine agus Volkswagen go leanann as na leaganacha Béarla (‘damage’) agus Gearmáinise (‘Beschädigung’) den téarma sin nach gclúdaíonn an téarma sin ach imeachtaí tobanna agus dothuartha amháin.

69      Ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 115 dá Thuairim, cé, murab ionann agus sainmhíniú an téarma chéanna sa Fhraincis, nach gá go dtabharfaí le tuiscint leis na sainmhínithe air i mBéarla agus i nGearmáinis gur teagmhas “tobann” is cúis le damáiste, ní chuirtear léirmhíniú an téarma “damáiste” a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais ó bhail. Ar an dara dul síos, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an léirmhíniú docht a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais bunaithe ar na forais atá leagtha amach i míreanna 61 agus 66 den bhreithiúnas seo.

70      Mar sin féin, maíonn Rialtas na Gearmáine, Porsche Inter Auto agus Volkswagen go bhfuil údar leis an bhfeiste sháraithe atá i gceist ós rud é, i gcás teocht ró-íseal nó ró-ard, go bhféadfadh fosuithe a fhorbairt, le linn an athshruthaithe de gháis sceite, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh drochshuíomh na comhla AGS a bheith mar thoradh air sin, eadhon, mar shampla, comhla nach n‑osclaíonn a thuilleadh nó nach ndúnann i gceart, nó fiú blocáil iomlán den chomhla sin. D’fhéadfadh comhla AGS, atá millte nó atá suite go dona, damáiste a dhéanamh don inneall féin agus d’fhéadfadh, go háirithe, caillteanas cumhachta san fheithicil a bheith mar thoradh air sin. Ina theannta sin, bheadh sé dodhéanta a thuar agus a ríomh cathain a shroichfí tairseach teipe na comhla AGS, ós rud é go bhféadfaí an tairseach sin a shárú go tobann agus gan choinne, fiú dá ndéanfaí cothabháil rialta ar an gcomhla sin. Chuirfeadh caillteanais thobanna gan choinne i gcumhacht feithicle isteach ar oibriú sábháilte na feithicle, mar shampla trí mhéadú substaintiúil a dhéanamh ar an gcontúirt go dtarlódh tionóisc thromchúiseach tiomána le linn ainliú chun scoite.

71      Ina theannta sin, dar le Porsche Inter Auto agus Volkswagen, is dócha gurb é an toradh a bheadh ar luchtú chomhpháirteanna an chórais athshruthaithe gáis sceite, trí mhífheidhmiú na comhla AGS a spreagadh sa chaoi is go bhféadfadh blocáil a bheith mar thoradh air, ná go ndófaí an scagaire cáithníní agus go rachadh an t‑inneall trí thine nó, fiú, mar thoradh air sin, go rachadh an fheithicil ina hiomláine trí thine, a chuirfeadh oibriú sábháilte na feithicle i mbaol

72      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ón bhfoclaíocht atá in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cheart, d’fhonn teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin, chun údar a bheith le feiste sháraithe, gá a bheith ann léi ní hamháin chun an t‑inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc, ach freisin chun an fheithicil a oibriú go sábháilte. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 106 dá Thuairim, ag féachaint d’úsáid an chónaisc “agus” san fhoráil sin, ní foláir a léiriú gur coinníollacha carnacha iad na coinníollacha a leagtar síos inti.

73      Dá réir sin, mar a cuireadh in iúl i mír 61 den bhreithiúnas seo agus i bhfianaise an léirmhínithe dhocht nach mór a thabhairt don eisceacht sin, ní féidir bonn cirt a thabhairt le feiste sháraithe amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi chuimsiú na heisceachta sin ach amháin sa mhéid go suitear go gcomhlíonann an fheiste go docht an gá atá ann rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a sheachaint, arbh é ba chúis leis sin mífheidhmiú de chomhpháirt den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go mbaineann contúirt shonrach leis sin agus an fheithicil feistithe á tiomáint. Mar atá léirithe ag an Abhcóide Ginearálta i mír 126 dá Thuairim, áfach, sa díospóid sna príomhimeachtaí is don mheasúnú ar na fíorais atá faoin gcúirt a rinne an tarchur an fíorú sin amháin.

74      Ina theannta sin, cé gur fíor nach bhforchuirtear go foirmiúil le hAirteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 coinníollacha eile maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear san fhoráil sin, is fíor fós gur léir go rachadh feiste sháraithe, ar cheart di, i ngnáthchoinníollacha tiomána, a oibriú ar feadh an chuid is mó den bhliain chun an t‑ineall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú, i gcoinne an chuspóra atá á shaothrú leis an Rialachán sin, agus nach gceadaítear leis an bhforáil sin maolú uaidh sin ach amháin i gcúinsí an-sonrach, agus go n‑eascródh dochar díréireach don phrionsabal féin maidir le teorannú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí.

75      I bhfianaise an léirmhínithe dhocht atá le tabhairt d’Airteagal 5(2)(a), ní féidir, dá bhrí sin, bonn cirt a thabhairt d’fheiste sháraithe den sórt sin faoin bhforáil sin.

76      Chun glacadh leis go bhféadfadh feiste sháraithe, mar a thuairiscítear i mír 74 den bhreithiúnas seo, teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, bheadh an eisceacht sin infheidhme den chuid is mó den bhliain sna fíorchoinníollacha tiomána atá i réim i gcríoch an Aontais Eorpaigh, sa chaoi is go mbeadh, go praiticiúil, prionsabal an toirmisc ar fheistí sáraithe den sórt sin, a leagtar síos in Airteagal 5(2) sin, nach raibh curtha i bhfeidhm chomh minic céanna ná an eisceacht féin sin.

77      Thairis sin, maíonn Porsche Inter Auto, Volkswagen agus Rialtas na Gearmáine nach bhfuil an teicníocht is fearr atá ar fáil ag teastáil leis an gcoincheap “call” le feiste sháraithe agus nach mór aird a thabhairt ar staid na teicníochta ar dháta cineálcheadú CE d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an gcall sin ó thaobh an t‑inneall a chosaint agus oibriú sábháilte na feithicle de, de réir bhrí Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007. Níl aon díospóid ann go gcomhfhreagraíonn úsáid chóras AGS a fheidhmíonn de réir fuinneoige teochta, go pointí éagsúla ag brath ar dháta an chineálcheadaithe, do staid na teicníochta. Thairis sin, le léirmhíniú an téarma “call” san fhoráil sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh an call atá le leasanna comhshaoil a chothromú le leasanna eacnamaíocha déantóirí.

78      I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 129 dá Thuairim, ar thaobh amháin, gur léir ó aithris 7 de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cuireadh san áireamh leasanna eacnamaíocha na ndéantóirí agus, go háirithe, na costais a gcuirfear ar ghnóthais de bharr an ghá na luachanna sin a chomhlíonadh nuair a chinn reachtóir an Aontais Eorpaigh na luachanna teorantacha astaíochta. Dá bhrí sin, is faoi dhéantóirí é iad féin a chur in oiriúint agus feistí teicniúla atá in ann na luachanna sin a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, ós rud é nach gá teicneolaíocht áirithe a úsáid faoin Rialachán chun é sin a dhéanamh.

79      Ar an taobh eile, mar atá luaite i mír 66 den bhreithiúnas seo, ciallaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, eadhon, ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 113]. Dá ndéanfaí feiste sháraithe a údarú faoi Airteagal 5(2)(a) den Rialachán sin ar an aon fhoras amháin go bhfuil, mar shampla, na costais taighde ard, an fheiste theicniúil costasach nó cothabháil na feithicle níos minice agus níos costasaí don úsáideoir, thabharfaí an cuspóir sin faoi cheist.

80      Sna himthosca sin, agus ós rud é nach mór an fhoráil sin, mar a tugadh le fios i míreanna 61 agus 73 den bhreithiúnas seo, a léirmhíniú go docht, ní mór a mheas nach ann don “chall” le haghaidh feiste sháraithe, de réir bhrí na forála sin, ach amháin i gcás, tráth chineálcheadú CE na feiste sin nó na feithicle atá feistithe léi, nach bhfuil ann d’aon réiteach teicniúil eile chun cosc a chur ar rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall is cúis le contúirt ar leith le linn an fheithicil a thiomáint.

81      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir faoin bhforáil sin bonn cirt a thabhairt d’fheiste sháraithe, nach n‑áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach amháin san fhuinneog theochta, mura suitear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don chall rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a eascraíonn as mífheidhmiú ceann de na comhpháirteanna den chóras athshruthaithe gáis sceite, ar mhífheidhmiú é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt shonrach agus an fheithicil ina bhfuil an fheiste sin á tiomáint, a sheachaint. Maidir le feiste sháraithe nach mór, faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, oibriú den chuid is mó den bhliain chun go gcosnófar an t‑inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun go n‑áiritheofar oibriú sábháilte na feithicle, ní fhéadfaidh sí i gcás ar bith teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

 An tríú ceist

82      Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaí caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 mar mhioneaspa comhréireachta más rud é go gceannódh an ceannaitheoir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil ar aon nós.

83      Faoi Airteagal 2(3) de Threoir 1999/44, measfar nach bhfuil ann don easpa comhréireachta sa chás inarb eol don tomhaltóir, agus an conradh á chur i gcrích, gurb ann don easpa comhréireachta sin nó nach bhféadfadh sé go réasúnta a bheith neamheolach ar an easpa sin, nó sa chás ina bhfuil an easpa comhréireachta sin bunaithe ar na hábhair a chur an tomhaltóir ar fáil.

84      Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 158 dá Thuairim, níl feidhm ag an bhforáil sin maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, ós rud é nach bhfuil sé faoi dhíospóid nárbh eol do DS, tráth a díoladh an fheithicil i gceist, gurbh ann don easpa comhréireachta a líomhnaítear agus nach bhféadfadh sé, go réasúnta, a bheith ar an eolas faoin bhfabht sin.

85      Os a choinne sin, cibé acu an mioneaspa comhréireachta, de réir bhrí Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44, atá ann nó nach ea, ar a mbraitheann an cheist an bhfuil an tomhaltóir i dteideal a iarraidh go ndéanfar an conradh a chur ar ceal, níl sé sin faoi réir gné shuibiachtúil den sórt sin.

86      Uime sin, níl sé ábhartha don chinneadh an gcaithfear caitheamh le heaspa comhréireachta mar “mhioneaspa” comhréireachta go nglacann an tomhaltóir leis, tar éis dó earra a cheannach, go gceannódh sé an t‑earra sin fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don easpa comhréireachta sin.

87      Is i bhfianaise an tsoiléirithe sin gur ghá a chinneadh an gcaithfear Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaí caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, mar mhioneaspa comhréireachta.

88      Ós rud é nach sainmhínítear i dTreoir 1999/44 an coincheap “mioneaspa comhréireachta”, ní mór a léiriú agus a réim a chinneadh i gcomhréir lena ghnáthchiall sa ghnáthchaint, agus an comhthéacs ina n‑úsáidtear an coincheap sin agus na cuspóirí arna saothrú leis an Rialachán ina bhfuil sé á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Iúil 2020, Constantin Film Verleih, C‑264/19, EU:C:2020:542, mír 29, agus an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, EU:C:2021:426, mír 83).

89      Ar an gcéad dul síos, ag féachaint do ghnáthchiall an téarma “mion”, is éard atá i gceist leis an gcoincheap “mioneaspa comhréireachta” ná easpa comhréireachta nach bhfuil mórán tábhachta leis.

90      Ina dhiaidh sin, maidir leis an gcomhthéacs ina n‑úsáidtear an coincheap sin, ní mór a mheabhrú go mbunaítear sraith shoiléir leigheasanna le hAirteagal 3(3), (5) agus (6) de Threoir 1999/44 a dlitear don tomhaltóir i gcás neamh-chomhréireacht an earra (breithiúnas an 23 Bealtaine 2019, Fülla, C‑52/18, EU:C:2019:447, mír 58).

91      Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(3) den Treoir sin, ar an gcéad dul síos, dlitear don tomhaltóir a cheangal ar an díoltóir an t‑earra a dheisiú nó a athsholáthar, fad is nach bhfuil a leithéid dodhéanta nó díréireach (breithiúnas an 23 Bealtaine 2019, Fülla, C‑52/18, EU:C:2019:447, mír 59).

92      Is sa chás amháin nach ndlitear don tomhaltóir go ndéanfar an t‑earra neamhchomhréireach a dheisiú nó a athsholáthar nó nach gcuireann an díoltóir ceann de na leigheasanna sin i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnta ama nó gan trioblóid mhór a chur ar an tomhaltóir leis a d’fhéadfadh sé, faoi Airteagal 3(5) den Treoir sin, a cheangal go ndéanfar an conradh a chealú, ach amháin, i gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Treoir sin, más mioneaspa comhréireachta atá i gceist leis an earra (breithiúnas an 23 Bealtaine 2019, Fülla, C‑52/18, EU:C:2019:447, mír 60)

93      Ar deireadh, maidir le cuspóirí Threoir 1999/44, ní mór a mheabhrú gur léir ó aithrisí 1 agus 10 go 12 den Treoir go bhféachtar le cothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna an tomhaltóra agus leasanna an díoltóra, trína áirithiú don tomhaltóir ar dtús, arb é an páirtí lag sa chonradh, cosaint iomlán agus éifeachtúil ar chomhlíonadh míchuí an díoltóra ar a oibleagáidí conarthacha, ach ag an am céanna ag ligean do chúinsí eacnamaíocha arna n‑agairt ag an díoltóir a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Meitheamh 2011, Gebr. Weber agus Putz, C‑65/09 agus C‑87/09, EU:C:2011:396, mír 75, agus an 23 Bealtaine 2019, Fülla, C‑52/18, EU:C:2019:447, míreanna 41 agus 52).

94      Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 160 dá Thuairim, ní fhéadfar a iarraidh go gcuirfear an conradh ar ceal, arb é an leigheas dlí is géire atá ar fáil don tomhaltóir, ach amháin i gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta mór go leor.

95      Sa chás seo, maidir le feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagail 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, is léir ó mhíreanna 49 go 52 den bhreithiúnas seo nach féidir cineál feithicle ag a bhfuil a leithéid de fheiste a chineálcheadú. Ina theannta sin, ní mór a mheabhrú nach bhfuil feithicil den sórt sin in ann na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. Leagtar béim in aithrisí 1 agus 4 go 6 den Rialachán sin ar cé chomh tábhachtach is atá sé an comhshaol a chosaint agus ar an ngá atá ann astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó mhótarfheithiclí díosail a laghdú go suntasach d’fhonn cáilíocht an aeir a fheabhsú agus d’fhonn cloí leis na luachanna teorantacha truaillithe.

96      Dá bhrí sin, ní féidir caitheamh le feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 mar mhioneaspa comhréireachta de réir bhrí Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44.

97      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaí caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, mar mhioneaspa comhréireachta dá gceannódh an tomhaltóir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil ar aon nós.

 Costais

98      Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 2(2)(d) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara a léirmhíniú sa chaoi nach léiríonn mótarfheithicil, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, an cháilíocht is iondúil in earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta i gcás ina bhfuil an fheithicil sin, cé go bhfuil cineálcheadú CE bailí aici agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, í a úsáid ar an mbóthar, feistithe le feiste sháraithe nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) den Rialachán sin.

2.      Ní mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir faoin bhforáil sin bonn cirt a thabhairt d’fheiste sháraithe, nach náirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach amháin nuair a bhíonn an teocht lasmuigh idir 15 agus 33 chéim Celsius, mura suitear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don chall rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a eascraíonn as mífheidhmiú ceann de na comhpháirteanna den chóras athsruthaithe gáis sceite, ar mhífheidhmiú é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt shonrach agus an fheithicil ina bhfuil an fheiste sin á tiomáint, a sheachaint. Maidir le feiste sháraithe nach mór, faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, oibriú den chuid is mó den bhliain chun go gcosnófar an tinneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun go náiritheofar oibriú sábháilte na feithicle, ní fhéadfaidh sí i gcás ar bith teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

3.      Ní mór Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaí caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, mar “mhioneaspa” comhréireachta dá gceannódh an tomhaltóir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil ar aon nós.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis