Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 9 Márta 2022 ag Nemea Bank plc i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 20 Nollaig 2021 i gCás T-321/17, Niemelä agus páirtithe eile v BCE

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-181/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Nemea Bank plc (ionadaí: A. Meriläinen, asianajaja)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Heikki Niemelä, Mika Lehto, Nemea plc, Nevestor SA, an Banc Ceannais Eorpach, An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an tAchomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta le go ndéanfaí breithniú ceart air, ach go dlísheomra éagsúil comhdhéanta de bhreithiúna iomlán éagsúla, i bhfianaise na claontachta agus an neamh-urraim a thug an dlísheomra a d’eisigh an t-ordú do chearta bunúsacha an Achomharcóra;

a ordú don BCE na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad fhoras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí ghlacadh leis go hearráideach nach raibh aon ghá breithniú a dhéanamh i gcás T-321/17, mhainnigh sí a chur san áireamh gur sáraíodh, le héifeacht airbheartaithe ex tunc ó chinneadh BCE an 30 Meitheamh 2017, Airteagal 263 CFAE agus ghlac sí leis nach raibh suim ag an Achomharcóir i neamhniú chinneadh BCE maidir le tarraingt siar ceadúnais an 23 Márta 2017.

An dara foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i dtaobh iliomad sáruithe ar riachtanais nóis imeachta riachtanacha.

An tríú foras achomhairc: mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an sárú ar chearta an Achomharcóra de bhun Airteagal 47 den Chairt roimh thús an imeachta agus easnamh ionadaíochta an Achomharcóra le linn na n-imeachtaí leanúnacha a thabhairt faoi deara.

An ceathrú foras achomhairc: mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an sárú ar chearta an Achomharcóra de bhun Airteagal 41 den Chairt a thabhairt faoi deara le linn di cinneadh a dhéanamh go bhfuil an t-iarratas ar dhamáistí do-ghlactha.

An cúigiú foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le mainneachtain cearta an Achomharcóra dá bhforáiltear in Airteagal 340 CFAE a thabhairt faoi deara le linn di a chinneadh go bhfuil an t-iarratas ar dhamáistí do-ghlactha.

____________