Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Eanáir 2024 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (Fantasia BAHIA PRINCIPE HOTELS & RESORTS)

(Cás T-504/22)1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha an Aontais Eorpaigh Fantasia BAHIA PRINCIPE HOTELS & RESORTS – Trádainm náisiúnta roimhe seo FANTASIA HOTELES – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(4) agus 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Levantur, SA (Murcie, an Spáinn) (ionadaithe: G. Marín Raigal, E. Armero Lavie, C. Calallero Pastor agus J. Oria Sousa-Montes, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas, J. Ivanauskas agus J. Crespo Carrillo, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Fantasia Hotels & Resorts, SL (Saragosse, an Spáinn) (ionadaithe: J. Vicente Martínez agus J. Erdozain López, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Bealtaine 2022 (Cás R 1000/2021-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean

Íocfaidh Levantur, SA, chomh maith lena chostais féin, costais arna dtabhú ag d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Fantasia Hotels & Resorts, SL.

____________

1 IO C 380 an 3.10.2022